25.5.10

Fíor nó bréagach?

Rinneas tagairt thíos don hoiméapaite agus tá ceist ann dár liom faoina éifeacht, ach níos tábhachtaí fós, faoin fáth a bhaineann le haon éifeacht atá le sonrú. Ní féidir a shéanadh go bhfuil muinín ag roinnt daoine ann mar leigheas ar chuile saghas tinneas ach ní hé sin le rá go n-oibríonn sé mar a mhaítear.

Ar an chéad dul síos, tá an teoiric atá mar bhunús don hoiméapaite seafóideach ann féin. 'Sé sin gur féidir le rian bídeach de rud a chuirfeadh tinneas áirithe ar duine atá in iomlán a sláinte a mhalairt a dhéanamh ar duine atá an tinneas acu. Tá sé deacair a thuiscint cad a bhí ar intinn Hahnemann nuair a nochtaigh sé an smaoineamh seo ach b'fhéidir go raibh fealsúnacht déachúil imithe i bhfeidhm air?

Pé rud a bhí ar intinn aige, is fiú scrúdú níos doimhne a dhéanamh ar cad go díreach atá i gceist le rian bídeach. De réir teoiric hoiméapaiteach, a laghad an rian, is treise a chumhacht chun leigheas. 'Séard a dhéanann siad mar sin ná an leigheas a laghdú nó a chaolú in uisce arís agus arís eile go dtí nach bhfuil oiread is móilín amháin den substaint fágtha. Dár leo, tá athshondas fuinnimh an substaint san uisce fiú mura bhfuil an substaint féin ann a thuileadh, agus is leor seo chun biseach a chur ar an othar. Sin an dara buile seafóideach.

Tá hoiméapaite á fhorbairt ó thús an naoú céad déag i leith agus caithfear an bhunús a athdhreachtú ó am go chéile chun fíor-thuiscint an domhain mar a fheictear do eolaithe a thabhairt san áireamh. Le déanaí is an teoiric candam a nasctar leis an bún-chreideamh chun cuma fiúntach a thabhairt don saothar. Ar deireadh, má bhreathnaítear ar an hoiméapaite mar reiligiún agus na smaointe seafóideacha thuasluaite mar soiscéil Hahnemann, feictear dualgas a chléir ag síoroibriú chun dílseacht a chreidmhigh a chaomhnú agus bun-smaointe Hahnemann a choimeád slán. Dár ndóigh, tá an meon seo ag teacht trasna go hiomlán ar an modh eolaíoch - níl rud sa chruinne a athródh dearcadh na ndílseoirí i leith Hahnemann agus a chóras. Sin an triú buile seafóideach.

Seo mar a thárla eachtra dúinn féin bliain nó dhó ó shin a chur ag smaoineamh mé faoin hoiméapaite. Gach Samhradh fulaingíonn mo mhacsa le fiabhras léana. B'fhéidir nach céasadh Aonghus é, ach b'fhéidir gurb ea, mar níl sé mar nós aige gearán a dhéanamh, ach fós féin feictear na súile ag silleadh agus caithfimid rud éigin a dhéanamh dó. Tá colceathar aige i bPort Láirge a bhfuil an fadhb céanna aige agus thug a thuistí cuairt ar lia hoiméapatach le toradh dochreidte - biseach láithreach. Bhuel, in aineoinn mo sceipteachas féin, ní amadán iomlán mé agus má tá ag éirí le cúrsa áirithe, cén dochar triail a bhaint as?

Thug mo bhean cuairt ar lia sa bhaile seo'gainne agus tháinig abhaile le buidéal bheag de tháibléid Euphrasia agus treoracha conas iad a thabhairt don fear óg. Bhí orainn iad a bhriseadh i leath agus leath amháin a thuaslagadh in uisce. Dúradh lei a bheith fíor cúramach faoin méid uisce a úsáidtear. 10ml amháin a mholadh agus gan níos mó a úsáid ar eagla go mbeadh níos mó uisce ró-chumhachtach, de bharr teoiric amaideach Hahnemann. Leanamar na treoracha ar feadh cúpla lá, ach ní raibh éifeacht ar bith.

"Cad atá cearr?" a cheapamar. "Tá'n Euphrasia céanna ag déanamh an beart don Déiseach."

Isteach ar Google liom áit a fheicim go bhfuil bunús le húsáid Euphrasia mar leigheas don fhiabhras léana. Cén fadhb a bhí ann mar sin? An treoir seafóideach hóimeapatach gan ach leath thaibléad a úsáid. Dar lei, a laghad is fearr. Chun éifeacht níos chumhachtach a fháil ba chóir dúinn ceathrú táibléad a úsáid, de réir teagasc Hahnemann. Ní sin a rinneamar áfach. Thugamar táibléad iomlán dó agus rinne sin an beart.

Ag smaoineamh anois air, tá dhá mhiniú gur féidir baint as a thárla.

1) Is táibléid hóimeapatach a bhí againn, sé sin le rá, ní raibh iontu ach siúcra agus ba chuma dá dtabhairfaimid 100 cinn dó, ach amháin b'fhéidir an droch tionchar ar a fhiacla. Ní féidir liom teacht ar an mbuidéal anois agus nílim cinnte an iad seo a bhí againn, ach ceapaim gurb iad. Ní féidir a thuiscint cén fáth ar oibrigh an táibléad iomlán más iad.

2) Fuair sé faoiseamh de bharr an leacht Zirtek a thugann muid fós dó gach maidin i rith an tsamhraidh. Dála an scéil, mura bhfaigheann sé an Zirtek céanna ar feadh cúpla lá, filleann an fiabhras air go tromchúiseach - níl amhras ar bith ann gur fiú an Zirtek.



24.5.10

Uathachas agus MMR.

In aineoinn teideal mo bhlag, is annamh a dhéanam tagairt ar bith don uathachais nó na conspóidí a ghabhann leis, ach feicim inniu go bhfuil an Dr Wakefield scriosta ón gclár ag an GMC i Sasanna. An Mr Wakefield a thugfar air as seo amach?

B'é Wakefield an duine a chur tús leis an agóid i dtaobh an instealladh MMR nuair a léirigh i 1998 sé go raibh baint aige leis an bhfás a tháinig ar rátaí uathachais ar fud an domhain. Bhuel, sin a mhaígh sé ar aon nós, agus, ba leor sin roinnt tuistí a scanradh agus tháinig laghdú mór ar líon na leanaí a ghlac an instealladh céanna. Tháinig ardú suntasach freisin i líon na leanaí a fhaigheann bruitíní agus caithfidh Wakefield roinnt den fhreagracht a ghlacadh as ucht sin.

Ó thús áfach, níor ghlac triomlach na n-údáráis sláinte lena obair agus d'fhoilsíodh roinnt taighde a léirigh nach raibh baint ar bith idir MMR agus Uathachas agus deirtear go bhfuil an córas imdhíonadh sábháilte chomh maith. Is fíor a rá áfach, nach bhfuil taighde doshéanta ann fós a léiríonn sábháilteacht an chórais imdhíonadh do ghach éinne, go háirithe leanaí a bhfuil uathachas láidir ina gclainn cheanna féin.

Dár ndóigh níl taighde ann ach oiread a léiríonn cad ba chúis le huathachas agus cén fáth go bhfuil ardú dochreidte tagtha ar a leitheadúlacht le fiche bliain anuas, agus go dtí go bhfuil, beidh an éiginnteacht ann ag cur brú ar thuistí agus tá sé níos éascaí ansin do chaimiléirí airgead a ghearradh orthu chun gach saghas bréag a dhíol.

Mar a thárlaíonn, tá aithne agam ar na daoine a fhoilsíonn an suíomh www.autismsupport.ie agus caithfidh mé a rá nach gcuireann sé ionadh in aon chor orm go bhfuileadar sásta a leithéid de chacamais a fhoilsiú ag cur ina luí ar thuistí gurb fhiú Reiki nó Homeopathy a thriail. Is maslach an teachtaireacht í seo agus léiríonn sé domsa nach bhfuil meas muice acu ar an fhírinne, ach tá sé níos náirí fós go bhfuil an rialtas ag caitheamh bhur airgead ag tacú leo.

Luath nó mall, tá a lá ag teacht, mar a tháinig lá Wakefield ar deireadh, inniu.

21.5.10

Aththosnú an fheachtais.


Mar is eol daoibh chaith mé Mí nó mar sin i bhfad ó baile le déanaí agus bhí orm stad a chur le fheachtas smachtú na blonaige. Ó thús bliana i leith d'éirigh thar barr liom mar a léirítear thuas agus inné shuí mé ar ais ar an ndiallat don chéad uair i seachtainí fada. Bhain mé an 33km amach i 79 nóiméad agus bhíos sásta le sin, cé go bhfuil mé in ann cúig nóiméad ar a laghad a bhaint ón am sin, nuair atá mé imithe i dtaithí arís ar an obair.

Is ait an rud é, ach bhíos ag súil le ardú éigin sa mheáchan mar thoradh ar an easpa rothaíocht ach mar a thárla, chaileas dhá kg sa bhreis. Is dócha gurb é an fáth le seo ná gur chaith mé roinnt den am ar Mars i mo sheasamh, in ionad is a bheith sáite suite ós comhair scáileán ar thóir bits 'n' bytes.

Tá sé mar chuspóir anois agam 5kg eile a chailliúnt rud a fhágas ar 75kg sláintiúil. Ansin beidh mé réidh chun mó leabhar a scríobh "D'Íocas le fhíocas". Má éiríonn leis b'fhéidir go ndéanfaidh mé aistriúchán air "Piles after Miles".

18.5.10

Mí ar Mars


Mo leithscéal as ciúnas na háite le déanaí ach tá mé díreach i ndiaidh filleadh ó thuras fada go domhain iomlán éagsúl. Bhíos ar cuairt ann don mórchuid agus fearadh gach fáilte romham, ach rinneas roinnt obair ann freisin chun triail a bhaint asam féin. Thaithin an domhain úr nua seo go mór liom agus tá sé ar intinn agam filleadh arís air sar i bhfad, ach go dtí sin tá mé ar ais i measc cacamais lofa an tíogair.

Is ait an rud a rá é, ach cé go bhfuil muintir Mhars in ainm is a bheith soineanta, tá clisteacht ar leith iontú i dtaobh cóir agus éagóir agus is maith a thuigeann siad cothrom na féinne. Is deacair a rá mar sin cad a cheapfadh siad faoi sliocht Éirinn, an clann a dhíol a máthair, ach ní raibh sé de mhíbéasaí agam a leithéidí a lua leo.