![](https://blogger.googleusercontent.com/img/b/R29vZ2xl/AVvXsEj8Wbx-3g2erplWI7m0hPgTvTW2Gq09edNM6gae5ikHUNHvUClJFrCHgvA8u891vcQuZQjsl9HTT7ZdajK50dyCCWHgQRcEaIexIOlaQJt5_ereevBbC4Tj65i61OqFebz-i6QPZ1gN08_1/s320/Mars.jpg)
Mo leithscéal as ciúnas na háite le déanaí ach tá mé díreach i ndiaidh filleadh ó thuras fada go domhain iomlán éagsúl. Bhíos ar cuairt ann don mórchuid agus fearadh gach fáilte romham, ach rinneas roinnt obair ann freisin chun triail a bhaint asam féin. Thaithin an domhain úr nua seo go mór liom agus tá sé ar intinn agam filleadh arís air sar i bhfad, ach go dtí sin tá mé ar ais i measc cacamais lofa an tíogair.
Is ait an rud a rá é, ach cé go bhfuil muintir Mhars in ainm is a bheith soineanta, tá clisteacht ar leith iontú i dtaobh cóir agus éagóir agus is maith a thuigeann siad cothrom na féinne. Is deacair a rá mar sin cad a cheapfadh siad faoi sliocht Éirinn, an clann a dhíol a máthair, ach ní raibh sé de mhíbéasaí agam a leithéidí a lua leo.

Fáilte ar ais!
ReplyDeleteChonaic mé tírdhreach mar sin uair amháin i ndeisceart Chalifornia ... nó Nevada? Níl mé cinnte anois.
ReplyDeleteIs griangraf d'áiseanna spóirt i scoil in aice linne é.
ReplyDeleteSin bhur bpáirc peile!?
ReplyDeleteNá bí amaideach a Dhubhaltaigh! Dá mbeadh sin againn mar pháirc peile bheadh muid lán sásta.
ReplyDeleteSin plásóg ar ár ghalfchúrsa.
Shíl mé féin gur seacláid a bhí i gceist...
ReplyDelete