18.5.10

Mí ar Mars


Mo leithscéal as ciúnas na háite le déanaí ach tá mé díreach i ndiaidh filleadh ó thuras fada go domhain iomlán éagsúl. Bhíos ar cuairt ann don mórchuid agus fearadh gach fáilte romham, ach rinneas roinnt obair ann freisin chun triail a bhaint asam féin. Thaithin an domhain úr nua seo go mór liom agus tá sé ar intinn agam filleadh arís air sar i bhfad, ach go dtí sin tá mé ar ais i measc cacamais lofa an tíogair.

Is ait an rud a rá é, ach cé go bhfuil muintir Mhars in ainm is a bheith soineanta, tá clisteacht ar leith iontú i dtaobh cóir agus éagóir agus is maith a thuigeann siad cothrom na féinne. Is deacair a rá mar sin cad a cheapfadh siad faoi sliocht Éirinn, an clann a dhíol a máthair, ach ní raibh sé de mhíbéasaí agam a leithéidí a lua leo.

6 comments:

  1. Chonaic mé tírdhreach mar sin uair amháin i ndeisceart Chalifornia ... nó Nevada? Níl mé cinnte anois.

    ReplyDelete
  2. Is griangraf d'áiseanna spóirt i scoil in aice linne é.

    ReplyDelete
  3. Sin bhur bpáirc peile!?

    ReplyDelete
  4. Ná bí amaideach a Dhubhaltaigh! Dá mbeadh sin againn mar pháirc peile bheadh muid lán sásta.

    Sin plásóg ar ár ghalfchúrsa.

    ReplyDelete
  5. Shíl mé féin gur seacláid a bhí i gceist...

    ReplyDelete