Showing posts with label blonag. Show all posts
Showing posts with label blonag. Show all posts

30.7.10

Camchuairt nua

Beidh mé anseo sa Dúiche Seoigheach ar feadh cúpla seachtain agus chomh maith le blas binn na Gaeltachta a slogadh siar déanfaidh mé iarracht roinnt rothaíocht a dhéanamh.

Tá camchuairt déanta agam le cúpla lá anuas, ó Chorr na Móna, soir chuig an Fháirche, ar aghaidh go dtí an Chloch Bhreac agus ar ais go Chorr na Móna. Aistear 28km ar fad atá ann agus thóg sé 70 nóiméad orm é a dhéanamh an chéad lá ach inné d'éirigh liom í a chríochnú i 64 nóiméad. Ni bheidh mé sásta ina aon chor mura mbeidh mé in ann uair ghlan a sharú roimh fhilleadh dom go bóithre rialta mo áit chónaithe.

Níl leathanbhanda agam gur féidir braith air áfach agus is fíor bheag a bhreacfas anseo go dtí go bhfillfidh mé ar an mbaile.

21.5.10

Aththosnú an fheachtais.


Mar is eol daoibh chaith mé Mí nó mar sin i bhfad ó baile le déanaí agus bhí orm stad a chur le fheachtas smachtú na blonaige. Ó thús bliana i leith d'éirigh thar barr liom mar a léirítear thuas agus inné shuí mé ar ais ar an ndiallat don chéad uair i seachtainí fada. Bhain mé an 33km amach i 79 nóiméad agus bhíos sásta le sin, cé go bhfuil mé in ann cúig nóiméad ar a laghad a bhaint ón am sin, nuair atá mé imithe i dtaithí arís ar an obair.

Is ait an rud é, ach bhíos ag súil le ardú éigin sa mheáchan mar thoradh ar an easpa rothaíocht ach mar a thárla, chaileas dhá kg sa bhreis. Is dócha gurb é an fáth le seo ná gur chaith mé roinnt den am ar Mars i mo sheasamh, in ionad is a bheith sáite suite ós comhair scáileán ar thóir bits 'n' bytes.

Tá sé mar chuspóir anois agam 5kg eile a chailliúnt rud a fhágas ar 75kg sláintiúil. Ansin beidh mé réidh chun mó leabhar a scríobh "D'Íocas le fhíocas". Má éiríonn leis b'fhéidir go ndéanfaidh mé aistriúchán air "Piles after Miles".

4.4.10

Dul chun cinn go dtí seo.

De bharr brú oibre agus staidéir is beag rothaíocht atá déanta agam le seachtain anuas. I ndiaidh mo bhricfeasta (cúpla céad gram de seacláid, mar a thárla) bhuaileas an bhóthair agus rinneas an gnáth 33km i 77 nóiméad. Táim in ann an aistear sin a dhéanamh i 74 nóiméad anois ach caithfidh a bheith ag súil le tionchar éigin ón seacláid is dócha. Fós féin, is cosúil gur leor aistear amháin in aghaidh na seachtaine chun obair na míonna go dtí seo a chaomhnú - táim greamaithe ar 83kg le seachtainí anois, 11kg níos eadroma ná mar a bhíos ag tús na bliana.

17.3.10

Lá 'le Pádraig sna hArda

Thug mé aghaidh ar na cnoic inniu, don chéad uair i mbliana.  Aistir réasúnta ghearr atá i gceist de 22.5km nó mar sin.  Thóg sé 85 nóiméad orm an méid sin a dhéanamh, rud a scriosfadh mo staitisticí dá gcuirfinn san áireamh é.   Don chéad fiche nóiméad bhíos ar na bóithre fós, cé nach bóithre mhaithe ab iad, ach ar feadh deich nóiméad nó mar sin den fiche sin bhíos i mbun dreapa millteanach ag seasamh ar na troitheáin, mo scámhóga ar nós seolta ag alpadh gaoithe, mo chroí ar tí phléascadh agus gan níos mó na 6km san uair de luas fúm.  Faoin am a shroicheas barr an dreapa sin bhíos traochta agus cé go raibh bothar mín réidh romham ar feadh cúpla km, bhí mo chosa imithe ar fad.  Fós féin, táim sásta gur éirigh liom é a dhéanamh, mar tá sé tárlaithe amannta eile gur thosaigh mé an dreapa áirithe sin agus bhí orm stopadh.  Is comhartha maith é sin go bhfuil mé aclaí arís!
Isteach ansin sa choill liom agus tuilleadh dreapadh, ach anois ar loirg clochacha atá leagtha ag Coillte Teo. chun go mbéidis in ann innealra trom a úsáid i mbaint na gcrainn.  Tá ciorcad de 6km i gcesit timpeall na coille agus tá radhairc álainn de dheisceart Ascall na  nGall ann.  Níl mo cheamara ró mhaith agus ní léiriú mhaith ar fhairsinge an radharc an griangraf thíos. 
Tá súil agam go bhfuil sé soiléir go bhfuil airde éigin bainte amach agam!  Cé gur thóg sé 85nóiméad an aistir a dhéanamh chaith mé 10 nóiméad ar a laghad ag griangrafadóireacht agus nuair a dhéanam an aistir arís (Dé Domhnaigh b'fhéidir) bhéinn ag súil é a dhéanamh i 70 nóiméad nó mar sin.  Fan go bhfeicimid.

Tá fothracha tí ann freisin.  Níl stair na scéal na háite in aon chor agam, ach déanfaidh mé taighde ar an ábhar amach anseo.

28.2.10

Tuairisc Míosúil

Le deireadh an dara mí sroichte agam is féidir liom a rá go bhfuil dul chun cinn suantasach déanta agam. 85kg atá ionam anois, sé sin 9kg caillte ó thús bhliana agam. Táim sásta le sin, ach amháin gur cailleadh 6.5kg i Mí Eanáir agus 2.5kg i Mí Feabhra. Táim i ndiaidh turas níos faide (33km) a chur ar mo chlár seachtanúil, ach ó bhíos fíor ghnóthach le dhá seachtain anuas, agus níor éirigh liom ach dhá turas in aghaidh na seachtaine a dhéanamh, tá seans ann nár bhain mé an oiread tairbhe as an aistriú sin fós.

Ag breathnú ar na staitisticí is soiléir go bhfuil feabhas mór tagtha ar an luas méanach atá fúm ó thúṡ bhliana i leith. An t-aon slí ciallmhar eolas a bhaint astú ná an fad iomlán a roinnt ar an am iomlán gach seachtain. Sa chéad seachtain bhíos in ann 394 méadar a dhéanamh gach nóiméad. Le déanaí tá 426 méadar sa nóiméad ar mo chumas agam!

Fós féin, ní féidir ach a bheith sásta lena bhfuil bainte amach go dtí seo agam. Dá gcaillfinn 9kg eile ó seo go Lá Buí Bealtaine, bhéinn lúcháireach tríd is tríd.

15.2.10

De réir a chéile a chailltear an mhisnigh.

Tá sé seachtain curtha isteach agam ar bhóithre agus cúlbhóithre timpeall na háite agus caithfidh mé a admháil nach bhfuil ag éirí liom a thuilleadh mar a bhí ag súil liom.  San chéad ceithre seachtain laghdaigh mé ó 94kg go 87.5kg agus bhíos lán sásta le sin.  Ó shin i leith áfach, is scéal eile atá le feiscint.

Níl ach .5kg breise caillte agam, cé go bhfuil an trí turas in aghaidh na seachtaine fós á dhéanamh agam.  Dé hAoine seo chaite, réitigh mé gur an fhadhb ná go bhfuil sé ró-éasca dhom anois an 25km a dhéanamh ar an bóthar leathan réidh agus gurb fhearr dhom cúrsa níos deacra a thriali.  Beidh sé níos éascaí a leithéid a dhéanamh nuair a thagann fad breise san lá, mar níl sé sábháilte a bheith ar na cúlbhóithre i ndiaidh teipeadh sholais na gréine.  Tá 33km á dhéanamh anois agam ach is ar dhrochbhóithre cnocach atá 4km nó mar sin den aistir.  An chéad lá thóg sé 15 nóiméad orm an méid sin a dhéanamh, rud a dhearbhaigh dhom go raibh an gnáth aistir éirithe ró-éasca.

An dara lá áfach, d'éirigh liom an méid sin a dhéanamh i 12 nóiméad agus 80 nóiméad don 33km iomlán.  Tá sé seo beagnach mar an gcéanna leis an 25km san uair atá taithí agam anois air.  Hmm.  Caithfidh mé súil a choiméad ar seo ar feadh an dhá seachtain atá fágtha i Mí Feabhra.  Beidh sé díomach mura n-éiríonn liom 3kg nó mar sin a chailliúnt i ndiaidh an tréaniarracht a dhéanamh.

Dár ndóigh ní raibh mé ag súil go gcaillfinn 6kg gach Mí, ach bhíos ag súil le 6kg a chailliúnt i Feabhra agus Márta le chéile.  Mura n-éiríonn liom é sin a dhéanamh, nílim cinnte cad ba chóir dom a dhéanamh?  Níl an t-am agam níos mó ná trí oíche sa seachtain a thabhairt don fheachtais.  Fáilte roimh gach comhairle ...

31.1.10

Staitisticí na Míosa.

3 turas eile an seachtain seo - 25km, 25km & 29.5km, i 64 nóiméad, 62 nóiméad & 71 nóiméad.  87.5kg an meáchan atá ionam anois.  Sin 6.5kg cailte i Mí Eanáir.  Táim sásta le sin.  Beidh sé suimiúil a fheiscint céard a chaillfidh mé i Mí Feabhra.  Ní dóigh liom gur féidir 6.5kg eile a shilleadh, mar tá teorainn ann i dtaobh cé chomh minic gur féidir liom an bhóthar a bhuaileadh.  Trí aistear sa seachtain an teorainn sin.

Tá gach sonraí inchurtha agam go OpenOffice Calc ach níl dóthain agam chun cairteanna a tháirgeadh.  Is maith an rud é sin, mar níl a leithéid déanta agam le blianta anuas, agus ní cuimhin liom conas é a dhéanamh in aon chur.

24.1.10

Bóthar Nua.

Bhuel, treo nua ar aon nós.  I ndiaidh lámh trom an stáit a bheith leagtha anuas orm, bhí orm an mhótarbhealach a sheachaint inniú, ach táim sásta go bhfuil an slí mhalartach chomh oiriúnach is a bhí an slí ar a raibh taithí agam air le blianta fada anois.  Rinneas 29.5km inniú i 71 nóiméad agus rinneas ar maidin é, ionas go mbéinn in ann an bóthar a scrúdú, ar eagla go bhfuil poill nó a leithéidí ann, nach bhfeicfinn istoíche.  Bhí chuile méadar den tseanslí ar eolas agam, sa chaoi is go raibh a fhios agam cén áiteanna a bheadh uisce bailithe i ndiaidh ceatha 7rl.

Ní raibh sé fliuch inniú agus is dócha go dtógfaidh sé cúpla mí imeacht i dtaithí daingean ar an aistir nua ach táim sásta ar a laghad go bhfuil dóthan spás ann dom agus nach bhfuil mé i mbaol bás imeacht amach sa dhorchadas.

Is léir gur maidin Domhnaigh maidin an rothaíocht, in Ascaill na nGall ar aon nós.   Bíonn grúpaí idir bheag agus mhór de dhaoine idir óg agus aosta a gabháil síos an bhóthair, iad uile gléasta ar nós Seán Kelly agus róthair rása mar fhaobhair ag gearradh na gaoithe acu, agus mise ar nós eilifint ar thóir giorria ar bhoinn ramhar mo rothar sléibhe.  Caithfidh mé a admháil go gcuireann sé náire orm nuair a bhrostaíonn páistí tharaim chomh tapaidh is a cheapfá nach raibh mé ag gluaiseacht in aon chor.  Mo sheacht mhallacht oraibh Bray Wheelers!

Tá trí seachtainí den fheachtais nua déanta anois agam, agus ar eagla nach scríobhfaidh mé faoi faic eile tá mé chun postanna na bhlonaige a theorannú go ceann amháin in aghaidh na seachtaine.

22.1.10

What do ye think yer playin' at?

Aréir, thárla, faoi dheireadh, an rud a bhíodh imní agam faoi ón uair gur athraíodar stadas an seachbhóthair timpeall an bhaile s'againnse go mótarbhealach.  Oíche dubhdhorcha a bhí ann, níos fluiche agus níos gaothfar ná an oíche dheireannach.  Bhíos fliuch go craiceann sular shroicheas deireadh mo bhóthair féin ach fós ar aghaidh liom.  Bhí an ghaoth i m'aghaidh don chéad 10km agus bhíos ag smaoineamh nárbh fhiú an ciorcad iomlán a dhéanamh in aon chor, ach nuair a shroich mé an timpeallán chun filleadh abhaile, dar ndóigh, bhí 10km de ghaoth i m' sheolta romham agus ní fhéadfainn an aistear aoibhinn sin a shéanadh.

I ndiaidh cúpla km eile a chuir díom d'airigh mé soilse dathúil na ní-ná taobh thiar dhom.
Mise:  Howya Guard.
Eisean: What do ye think yer playin' at?
Mise: I'm out for an oul' cycle.
Eisean:  This is a motorway.  You can't cycle on a motorway.
Mise:  But I've been doin' this for years.
Eisean:  Well you can't do it now.  No bicycles on a motorway.
Mise:  Are there signs?
Go dtí seo, an meon a bhí agam ná an dearcadh fíor-bhéasach, cáirdiúl fiú, gur gá a bheith agat le Gárdaí, go háirithe nuair atá sé soiléar go bhfuil tú go hiomlán mícheart!  Deirfinn ón slí ina raibh sé ag labhairt liomsa nár cheap sé go mbuailfeadh sé riamh arís le duine leath chomh creacáilte 's a bheadh amach ar mótarbhealach ar rothar i lár na hoíche.

Ach leis an cheist dheireannach sin, lena raibh an freagra agam cheanna féin (níl comharthaí ar an mbóthar sin ag rá go bhfuil cosc ar rothaí), bhíos beagáinín dána.  Is dócha gur bhraith mo dhuine go raibh mé ar déanamh triail ar a dháiríreacht (bhí!) agus láithreach chuir sé a udarás i mo luí.
Eisean:  Do you know the rules of the road?
Géilleadh iomlán a bhí ag teastáil anois, agus sin díreach a rinneas.
Mise:  Yes, Guard.  Fair enough, you're right.  Can I go to the next exit?
Eisean.  Go to the next exit, but if I catch you on here again, you'll be prosecucted.
Mise:  Fair enough. Thanks Guard.
Agus abhaile liom.   Táim i gcruachás anois áfach, mar cé gur fíor go bhfuil contúirt áirithe a bheith ar an mótarbhealach, tá an gualainn bhrea leathan ann gan trácht ar bith le cur isteach orm.  Má úsáidim cúlbhóithre cúnga beidh i bhfad níos mó baol i gceist, go háirithe i rith an oíche.  

Dála an scéal, chríochnaigh mé an turas de 23.5km i 61 nóiméad, ach bhí an agallamh beag san áireamh, rud a dhó cúpla nóiméad is cinnte.  I ndáiríre, níl an t-am a thógaim ar oíche áirithe róthábhachtach ach amháin go mbeadh dul chun cinn le sonrú.  Tá, dar liom, mar is 90kg atá anois ionam.

19.1.10

Droch Oíche Fliuch Fíochmhar.

23.5km i 59 nóiméad a rinneas anocht.  Bhí mé fliuch báite faoi dheireadh agus an cuma air gur ag snámh a bhíos!  De bharr go raibh sé cuíosach gaothfar nílim ró-bhuartha nár éirigh liom an 57 nóiméad ón oíche roimhe seo a shárú. 

17.1.10

Dul chun cinn.

Sula ndéanaim dearmad air, rinneas 23km aréir i 57 nóiméad.  Nuair atá tuilleadh obair déanta agam beidh grafanna agus chuile sórt staitisticí agam chun an dul chun cinn a léiriú, ach níl le déanamh agam anois ach chuile turas a thaifeadadh.

14.1.10

Blonag Nollag

Focal álainn úr nua dhom mar bhrontannas ó Aonghus - blonag.

Dán beag mar thuilleadh spreagadh 's múscailt dhom:

Blonag Nollag.

Tolg an tslogaire,
Bolg na blonaige,
Cogair gur chúis mo thiubhas ná ragairne.

Aoine athbhliana,
Caoineadh na míonna,
Maitheasach flaitheasach cróga 's críonna.
Táim cinnte go gcabhróidh crónán an mhantra seo liom agus mé ag dreapadh suas cnoic fliucha fuara.

13.1.10

Aistear beag agus laghdú beag.

Aistear beag eile ar an rothar anocht. 23.5km i 61 nóiméad. Beidh feabhas le feiscint san am sin sna míonna atá le teacht. Laghdú beag sa mheáchan go 92kg freisin. I ndáiríre áfach, seans maith gur an laghdú suantasach (100%) san méid alcól atá á ól agam is cúis le sin, seachas dhá oíche ag tarraingt mo thóin mhór timpeall cúlbhóithre an bhaile!


4.1.10

Tús nua.

Chuir mé 18km isteach ar an rothar inniu, mar thús ar fheachtais sláinte na hAthbhliana. 94kg a bhí ionam agus caithfidh mé an uimhir sin a laghdú tapa, ar eagla nach mbeire mé beo an am seo arís! Cuirfidh mé na staitisticí anseo mar spreagadh dhom. Agus cúis magadh daoibhse, dar ndóigh.

;-)