Chuir mé 18km isteach ar an rothar inniu, mar thús ar fheachtais sláinte na hAthbhliana. 94kg a bhí ionam agus caithfidh mé an uimhir sin a laghdú tapa, ar eagla nach mbeire mé beo an am seo arís! Cuirfidh mé na staitisticí anseo mar spreagadh dhom. Agus cúis magadh daoibhse, dar ndóigh.
;-)
;-)
Hmm. Sin beagán níos mó ná dhá chéad punt. Cé chomh hard is atá tú?
ReplyDeleteMolaim do mhisneach. Lean ort!
Ach seachain an oighear!
ReplyDeleteHa ha Dennis - sin í an cheist díreach! Tá'n eolas sin á choimeád faoi cheilt agam go dtí bhfuil ceist an mheáchain réitithe agam.
ReplyDeleteNílim ard a dhóthain 94kg a iompar timpeall, pé slí a bhreathnaím air.
"Chuir mé 18km isteach ar an rothar inniu"
ReplyDeleteChuir mise 3 uair isteach ar an dtolg inniu.
Go n-éirí le d'fheachtas! Tuigim do chás...:-)
ReplyDelete