19.1.10

Droch Oíche Fliuch Fíochmhar.

23.5km i 59 nóiméad a rinneas anocht.  Bhí mé fliuch báite faoi dheireadh agus an cuma air gur ag snámh a bhíos!  De bharr go raibh sé cuíosach gaothfar nílim ró-bhuartha nár éirigh liom an 57 nóiméad ón oíche roimhe seo a shárú. 

4 comments:

  1. An roimh do dhinnéar a chuireann tú na mílte seo isteach?

    ReplyDelete
  2. Chomh maith leis an ghaoth, tá sé i bhfad níos deacra nuair atá tú fuar freisin. Bíonn an croí ag bualadh 10-15 bpm níos tapúla.

    ReplyDelete
  3. Ní ghiorraíonn báisteach bóthar...:-)

    ReplyDelete
  4. Is in ndiaidh dom ithe de ghnáth a dhéanaim an rothaíocht, ach fágaim dhá uair ar a laghad tar éis an bhéile sula mbuailim an bhóthair.

    Ní raibh a fhios sin agam faoin bhfuacht Dave ach is dócha gurb fhearr domsa ansin na oícheanta fuara, mar is ansin a dhófar na calraithe!

    Ceart iomlán agat a Áine, is an báisteach is mó a chuireann isteach orm.

    ReplyDelete