Bhuail sean-chara, nach raibh feicithe againn le blianta fada anuas, isteach aréir orainn gan choinne. D'fhearamar fáilte is fiche roimhe agus chaitheamar ana-oíche ina chuideachta agus ba dheacair an rud é na leannaí a chur chun luí, chomh sceitimíneach is a bhíodar. Ar éirigh dúinn ar maidin bhí an fear úd fós linn agus an cuma air go bhfuil sé ag daingniú faoi.
Tá leath-mheangadh anois air, ionann is a rá "beidh brón oraibh sula n-imím uaibh" agus súile dubha aige nach féidir liom breathnú iontú a thuilleadh.
Is minic a lean maidin brónach oíche shúgach, nach ea?
Tá leath-mheangadh anois air, ionann is a rá "beidh brón oraibh sula n-imím uaibh" agus súile dubha aige nach féidir liom breathnú iontú a thuilleadh.
Is minic a lean maidin brónach oíche shúgach, nach ea?
Maith sibh! Chuir an bhlagmhír seo meangadh ar m'aghaidh. Agus chuir an grianghraf ag smaoineamh mé. Tá cruth canónta ar bheagnach chuile fhear sneachta: trí liathróid sneachta ar mhuin a chéile. Seo dán beag a scríobh mé deich mbliana ó shin, “Paidir Págánach”:
ReplyDeleteCuirim clocha
ar mhuin a chéile.
Trí chloch,
sin altóir,
sin ofráil,
sin beannacht.
Ana mhaith. Níor thug mé fé ndeara riamh go raibh cruth 'archetypal' ar fir sneachta, ach conas eile a mhíniú gur mar sin díreach a thógamar ár cheannsa? Go h-áirithe nuair a chuirtear san áireamh gur nach minic a bhíonn deis againn a leithéad a thógáil in Eirinn. Tá'n cuairteoir linn fós, agus caipín anois air.
ReplyDeleteAimsir dochreidte ar fad í seo dúinne - an tóin ag titim as as an dtír ó bhun go bharr.
An ag rá linn atá tú nach bhfuil sé sábháilte a bheith amuigh ag rothaíocht?
ReplyDelete;-)
De réir a chéile a thógtar na caisleáin. ;-)
ReplyDeleteAgus is de réir a chéile a laghdaítear méid na gcaisleán freisin?
ReplyDelete;-)