3 turas eile an seachtain seo - 25km, 25km & 29.5km, i 64 nóiméad, 62 nóiméad & 71 nóiméad. 87.5kg an meáchan atá ionam anois. Sin 6.5kg cailte i Mí Eanáir. Táim sásta le sin. Beidh sé suimiúil a fheiscint céard a chaillfidh mé i Mí Feabhra. Ní dóigh liom gur féidir 6.5kg eile a shilleadh, mar tá teorainn ann i dtaobh cé chomh minic gur féidir liom an bhóthar a bhuaileadh. Trí aistear sa seachtain an teorainn sin.
Tá gach sonraí inchurtha agam go OpenOffice Calc ach níl dóthain agam chun cairteanna a tháirgeadh. Is maith an rud é sin, mar níl a leithéid déanta agam le blianta anuas, agus ní cuimhin liom conas é a dhéanamh in aon chur.
Go maire tú do chailliúint, agus go maire do thóin ar an diallait!
ReplyDelete;-)
Magairlí marcaigh nach fios duit!
ReplyDeleteDhein tú go maith mhí Eanair.Tá sé curtha go deas ag Dennis.
ReplyDelete