... agus ná creid a mhalairt.
Is minic a chloisim daoine a mhaíonn nach dtosnaíonn an Earrach go dtí Mí Márta. Daoine ar nós an slua seo. Tá cara ag mo bhean a phós francach (fear ón Fhrainc, ní ainmhí beag salach) agus caith sé roinnt beag blianta ina chónaí in Éirinn (ar lorg na mban is dócha, ooh la la!). Dúirt sé liom gur cheap sé go raibh sé ait nár thuig Éireannaigh na séasúir in aon chor. Bhí trua agam dó, dár ndóigh, agus an aineolas mí-léannta a bhí á léiriú aige, ach is dócha gur tír óg í an Fhrainc nach bhfuil traidisiún ársa léannta bunaithe ann go fóill. Mar a dhúirt an Zhou Enlai nuair a d'iarradh air cad a cheap sé faoi Réabhlóid na Fraince i 1789:
"Tá sé ró-luath a rá."
Ach anseo in Éirinn bhí rí-thuiscint againn ar na ráithe le mílte bliain anuas. Ní gá ach Brú na Bóinne a fheiscint chun an fhírinne sin a ghlacadh. Agus ó thaobh eolas saineolaithe réalt-eolaíochta de, sé lar an Earraigh ná cónocht an Earraigh, a thiteann i Lár (na gar de) Mí Márta, de ghnáth ar an 20ú lá. Más é Mí Marta lár mhí an Earraigh, ciallaíonn sé sin gurb é Mí Feabhrá an chéad Mí agus Mí Aibreán an triú Mí. Sin an Earraigh dhaoibh a cháirde, agus is cuma sa tsioc cé chomh te, fuar, fliuch, tirim, grianmhar, scamallach nó aon rud eile is an bhíonn an aimsir.
Táimid anois i ré "Athrú Aimsire", de bharr mí-úsáid timpeallachta dár leis na saineolaithe. An bhfuil muid chun an Earrach a bhogadh gach bhlian má bhíonn Eanáir thar a bheith te againn (mar a bhí i Seattle i mbliana) nó thar a bheith fuar, mar a bhí anseo in Eirinn againn?
Ag féachaint ar na grafanna ó Met Éireann thuas.
'Siad na trí míonna is fuaire i mBiorra ná Nollaig, Eanáir agus Feabhra. Dár le lucht séasúr teochtbhunaithe, sin iad míonna an gheimhreadh. Ach fan. Féach ar seo:
In nDairbhre, 'siad na trí míonna is fuaire ná Eanáir, Feabhra agus Márta. An é go bhfuil ráithe éagsúla ag an dhá áit? An é go n-athróidh an scéal má athraíonn an aimsir tríocha bliain amach anseo, mar a thuartar? Ráiméis. Bhí an ceart ag Aonghus an Bhrogha fadó fadó, agus tá'n ceart aige fós.
Córais nach bhfuil nasctha go dlúth le chéile atá i gceisrt anseo. Córas [measartha] seasmhach na réalta, agus córas [ana] luanach na haimisre agus na haeráide.
ReplyDeleteCosúil le gach ceist eolaíochta, ní mór a bheith cinnte cad go díreach atá i gceist. Ní hionann earrach an tréadaí agus earrach an feirmeoir coirce!
Séard a léigh mé áit éigin, uair éigin, ná gurbh é an tréadaí a roinn an bhliain in Éirinn fadó.
ReplyDeleteRud a bheadh ciall leis, i bhfianaise gurbh iad na táinte an cloch is mó ar paidrín ár sinsir!
ReplyDeleteBhuel, pé cumhacht a bhí ag na tréadaí is beag go bhféadfaidís a dhéanamh faoi thuras bliantúil an domhain timpeall na gréine!
ReplyDeleteOT: An bhfaca tú an t-alt seo ar uathachas a bhí sa Wall Street Journal inné?
ReplyDeleteNí fhaca Dennis, ach is alt suimiúil é a dhíríonn ar cheann de bhunceisteanna an uathachais - cén fáth go bhfuil na rataí ar ardú agus ag síor-ardú le fiche bliain anuas? Scríobhfaidh mé alt ar an gceist sin amach anseo.
ReplyDeleteAontaím le mo shinsir...:-)
ReplyDelete