19.2.10

Dilín Ó Deamhas Ó Deamhas ...

Dilín Ó Deamhas O'Dea,
Dilín Ó Deamhas Ó Deamhas Ó Deamhas Ó,
Dilín Ó Deamhas O'Dea.

Chuirfinn mo rún chun suain,
Chuirfinn mo rún 'na luí,
Chuirfinn mo rún chun suain go ciúin,
Le Dilín ó Deamhas O'Dea.


Dilín Ó Deamhas Ó Deamhas
Dilín Ó Deamhas O'Dea,
Dilín Ó Deamhas Ó Deamhas Ó Deamhas Ó,
Dilín Ó Deamhas O'Dea.

Is buachaill aniar aniar,
Is buachaill aniar an fear,
Is buachaill aniar aniar aniar,
'S is cailín ón sliabh a bhean.


Dilín Ó Deamhas Ó Deamhas
Dilín Ó Deamhas O'Dea,
Dilín Ó Deamhas Ó Deamhas Ó Deamhas Ó,
Dilín Ó Deamhas O'Dea.

Caithimis 'mach 'samach é,
Caithimis 'mach an páiste,
Caithimis 'mach is'mach is'mach é,
'Sní thiocfaidh sé 'rais amárach.


Chuir eachtraí an lae inné an fonn seo in iúil dhom ar fáth éigin.  Is cuimhin liom é a fhoghlaim ar scoil ach gan brí ar bith des na focail a thuiscint.  Ag breathnú anois air áfach, nach soiléar gur faoi buaileadh craiceann nó marcaíocht atá sé?

Más ea, tá sé níos oiriúnaigh arís mar go raibh an bastún úd ag focáil an tír iomlán le blianta fada anuas.

Bhuel tá coiscín ar an mBoidín anois.  Go bplúchfaí é.

1 comment:

  1. Bhí fear ann i gcathair Luimní,
    thug cúntas fé mhionn roimh an dlí,
    Ach nochtadh a bhréag, thit a rath in éag,
    Slán leat, a iar-aire O'Dea.

    ReplyDelete