31.1.10

Staitisticí na Míosa.

3 turas eile an seachtain seo - 25km, 25km & 29.5km, i 64 nóiméad, 62 nóiméad & 71 nóiméad.  87.5kg an meáchan atá ionam anois.  Sin 6.5kg cailte i Mí Eanáir.  Táim sásta le sin.  Beidh sé suimiúil a fheiscint céard a chaillfidh mé i Mí Feabhra.  Ní dóigh liom gur féidir 6.5kg eile a shilleadh, mar tá teorainn ann i dtaobh cé chomh minic gur féidir liom an bhóthar a bhuaileadh.  Trí aistear sa seachtain an teorainn sin.

Tá gach sonraí inchurtha agam go OpenOffice Calc ach níl dóthain agam chun cairteanna a tháirgeadh.  Is maith an rud é sin, mar níl a leithéid déanta agam le blianta anuas, agus ní cuimhin liom conas é a dhéanamh in aon chur.

3 comments:

  1. Go maire tú do chailliúint, agus go maire do thóin ar an diallait!
    ;-)

    ReplyDelete
  2. Magairlí marcaigh nach fios duit!

    ReplyDelete
  3. Dhein tú go maith mhí Eanair.Tá sé curtha go deas ag Dennis.

    ReplyDelete