4.1.10

Tús nua.

Chuir mé 18km isteach ar an rothar inniu, mar thús ar fheachtais sláinte na hAthbhliana. 94kg a bhí ionam agus caithfidh mé an uimhir sin a laghdú tapa, ar eagla nach mbeire mé beo an am seo arís! Cuirfidh mé na staitisticí anseo mar spreagadh dhom. Agus cúis magadh daoibhse, dar ndóigh.

;-)

5 comments:

  1. Hmm. Sin beagán níos mó ná dhá chéad punt. Cé chomh hard is atá tú?
    Molaim do mhisneach. Lean ort!

    ReplyDelete
  2. Ach seachain an oighear!

    ReplyDelete
  3. Ha ha Dennis - sin í an cheist díreach! Tá'n eolas sin á choimeád faoi cheilt agam go dtí bhfuil ceist an mheáchain réitithe agam.

    Nílim ard a dhóthain 94kg a iompar timpeall, pé slí a bhreathnaím air.

    ReplyDelete
  4. "Chuir mé 18km isteach ar an rothar inniu"

    Chuir mise 3 uair isteach ar an dtolg inniu.

    ReplyDelete
  5. Go n-éirí le d'fheachtas! Tuigim do chás...:-)

    ReplyDelete