Bhí George Hook ar Newstalk lá nó dhó ó shin ag caint faoi "The Wire" agus ní raibh ach ard moladh aige agus a chomhghleacaithe dhó.  Cúis a gcómhrá ná tús Sraith a hAon ar BBC2 (blianta fada i ndiaidh TG4 - is fíor mar sin a dheirtear: ní thárlaíonn aon rud go dtí go dtárlaíonn sé as Béarla.)Aontaím leo, dár ndóigh, agus sraith a trí críochnaithe againn thar an deireadh seachtaine. Ag macnamh faoi cheapas nach raibh an triú sraith chomh snasta leis sraith a hAon nó sraith a Dó. B'fhéidir an fadhb a bhí leis ná nach scéal úr nua ann féin a bhí ann ar nós an chéad dhá sraith. Leanúint ar scéal an chéad sraith a bhí ann i ndáiríre ach agus mé ag smaoineamh siar air bhí sé deacair gan cuimhneamh ar na seoide a bhí ann mar sin féin.
Mar a dhúirt mé cheana, is léir go bhfuil meas mór ag na scríbhneoirí ar a n-oidhreacht Éireannach agus seo dhaoibh ceann de na radhairc is fearr liom.
... sharing a dark corner of the American experiment.
Thar barr!
No comments:
Post a Comment