12.1.09

Comharthaí ar an N11.

Nó, chun a bheith níos cruinne faoi, ar na cúlbhóithre mórthimpeall an N11 ó Bhrí Chualainn go dtí an tInbhear Mór agus chuile áit eatarthu. I gcásanna ar bhóithre nach bheifeá sásta beithígh a thiomáint orthu, gan trácht ar ... bhuel, trácht.

Cuireadh in airde iad i rith Mí na Nollaig agus tá formhór acu clúdaithe mar seo a fheiceann sibh thuas. Mo leithscéal as ucht na droch íomhánna sa phost seo - tógadh ar cheamara-fón ón charr iad. (Tá'n cuma air go raibh an carr ag glusaiseacht ag an am, ach ní raibh!) Má tá am amárach agam déanfaidh mé iarracht samplaí níos fearr a bhailiú.

Tá corr cheann gan clúdach agus is soiléir gur iarracht oifigiúil atá ann. Níl sé soiléir ón pictiúir seo, ach glacaigí leis, ní comharthaí sealadacha iad. "Cúrsa Timpill N11 DETOUR" atá scríofa orthu agus suaitheantas na nGardaí leis.

N'fheadar cad atá ar siúl?

An é go bhfuil siad ann mar phionós ar Joe Behan? Nó b'fhéidir go bhfuileadar chun an N11 a dhúnadh mura nglactar le Conradh Lisbon II? Níl na mínithe seo leath chomh seafóideach leis a míniú a thug comhairle an chontae anseo!

No comments:

Post a Comment