28.1.09

Leath maith tús na h-oibre.

Sin a dúradh linn agus muid ag leath am i gcluichí peile don scoil. A bhí mar bhrí air (is dócha) ná cé go rabhamar chun cinn ansin, bhí obair chrua ós ár gcomhair fós. Tá Córais Óibriúcháin athraithe agam arís agus arís eile agus déanaim dearmad i gcónaí nach bhfuil ceann scríbe sroichte in aon chor go dtí go bhfuil chuile rud in n-órd arís. Ní leor mar sin an scáileán álainn seo:


Ní féidir liom DVDs a fheiscint. Níl an flashplayer sa bhrabhsálaí ag obair. Níl ceol le cloisint.

Mar thosach áfach caithfidh mé an ábhar cúltacaithe a athlódáil. Níl mórán le rá faoi seo ach gur thóg sé cúpla uair a chloig Dé Domhnaigh. Sular thosaigh mé d'iarr an Chóras orm ar mhaith liom na tiománaithe srianta a bhí ar fáil a úsáid? 'Sea. D'iarr sé orm mo rúnfhocail. Mo rúnfhocal féin áfach, ní rúnfhocal root. Rud a chur i gcuimhne dom nach raibh gá ar bith le rúnfhocal root a shocrú agus an Córas á shuiteáil! Caithfidh go raibh an coincheap root ag kubuntu chomh maith le chuile *nix eile? Bhí, ach an modh a úsáideann kubuntu ná sudo a úsáid nuair is gá údarás a fháilt rud éigin tábhachtach (nó contúirteach) a dhéanamh. Ní mar sin a rinne opensuse an bheart, ach táim imithe i dtaithí ar an athrú anois.

Chuir sé rud éigin eile in iúil dom - caithfidh mé na úsáideoirí eile a chruthú. Cá bhfuil YaST? Níl YaST ann. D'aimsigh mé kUser fé dheireadh agus chruthaigh me cúntaisí do chách (root san áireamh). Conas go ndéanfaidh mé firefox 7rl a shuiteáil gan YaST? Mar a duairt na bastardaibh tráth
A lot done, more to do

No comments:

Post a Comment