25.1.09

Tús maith

Aréir, faoi dheireadh, dheineas díbirt ar SuSE ón ríomhaire. kubuntu anois atá agam agus caithfidh mé a rá go bhfuil cuma agus cruth álainn air. Dár ndóigh tógfaidh sé cúpla lá ar a laghad chuile rud a chur ar ais ina n-ord ach de bhrí go bhfuil an bun obair déanta anois agam, seo dhaoibh trácht (céim ar chéim) ar a bhfuil agam go dtí seo.

An chéad rud ná an DVD a chur sa tiomantán agus an ríomhaire a aththosáil. Cuimhnigh mé fresin an ord bútála a athrú chun go mbútáilfear uaidh. I ndiaidh leath nóiméad no mar sin tháinig roghchlár suas ar an scáileán ag iarradh orm teanga a roghnú. Ní raibh Gaeilge ann mar rogha áfach, ach seans mhaith ann go mbeidh ar a laghad teanga amháin ann a thuigeann formhór agaibh. ;-)

Agus teanga roghnaithe agam bhrú mé 'Iontráil' chun leanúint ar aghaidh.

Is ansin a thiteas i bpoll an chéad fhadhb. Tar éis líon bheag soicind bhíos ag breathnú ar an scáiléan seo:

Tá a leithéid de thruailliú feicthe cheana agam agus córais á suitéail agam. Is minic nach mbíonn na tiománaithe cearta ag an chóras ó thús. Cad le déanamh?

D'aththosaigh mé an ríomhaire ach n t-am seo nuair a tugadh roghchlár na dteangacha dom, níor roghnaigh mé aon rud agus bhrú mé 'Esc' agus faoi bhun an roghchlár nochtaíodh an clár seo:
Tar éis scanradh an BSOD (a bhí bándearg do mórchuid), theastaigh uaim a bheith cinnte go raibh diosca ghlan agam agus roghnaigh mé 'Check CD for defects'. Thóg sé leathuair nó mar sin a chinntiú nach raibh fadhb ar bith leis an diosca.

Is ansin a roghnaigh mé 'Install kubuntu'.

An chéad rogha a thugadh dom ná leagan amach an méarchlár. Agus leagan amach Gaeilge roghnaithe agam bhí fo-rogha eile agam. ClóGaelach nó Ogham. Ogham! Déanfaidh mé fiosrúchán ar sin amach anseo ach bhíos sásta ClóGaelach a roghnú mar thús.

Ansin d'iarradh orm conas na cruadhioscaí a leagan amach. D'aithníodh na deighilt a bhí ann agus d'úsáid mé an leagan amach cheanna, ach amháin gur sainigh mé deighit nua (/spare) chun iomlán an dara diosca a úsáid. Bhíos cúramach gan cur isteach ar bith a dhéanamh ar na deighilt Fuinneogacha.

Ar deireadh ceistíodh dom an raibh mé réigh an córas a suitéail. Bhíos. Thóg sé níos mó ná uair a chloig an céim seo a chríochnú. Seo a bhí le fesicint i rith an uair sin:I ndiaidh sin thosaigh an córas. D'iontráil mé m'aitheantas úsáideora agus rúnfhocal agus bhíos ansin ar mhuin na muice!

Bhí lár na h-oíche sroichthe ansin agam agus bheartaigh mé chríochnú anseo. An céim dheireannach ná cinntiú go raibh an córas Fuinneoga fós ag obair chun nach mbeadh leá feirge ag an bhfear beag dá n-éiríodh sé ar maidin gan youtube ann dhó!

Fillfidh mé ar seo níos déanaí ach tá leath na h-oibre déanta anois agam.

No comments:

Post a Comment