8.3.11

Púca Tí?

Cad sa tSioc?  Sin a cheapas an chéad uair a chonaic mé atá sa phictiúr thíos.


Deacair a thuiscint cad a bhí ar siúl ach ní raibh éinne eile ann ag an t-am seachas an madra agus ní raibh sí chun scéal a insint dom, maith nó olc.  Chuireas an seastán ar ais ina áit ar an gcúntar agus chuireas páipéar nua ann.  Níor smaoinigh mé arís air go dtí gur tharla sé arís cúpla lá ina dhiaidh sin.  An uair seo, ní raibh an seastán follamh ach bhí páipéar fós ann.  D'iarr mé 'uirthi féin' an ndearna sí é, ach ní dhearna, nó má rinne, níl sí á admháil. Mistéir cheart.

Tá sé i ndiaidh a tharlú arís díreach anois agus arís níl aon páipéar chistin ann.  Cad a cheapann sibh?  An bhfuil púca sa teach againn?

7 comments:

  1. Na páistí ag rógaireacht?

    ReplyDelete
  2. B'fhéidir. Ach cad chuige?

    ReplyDelete
  3. Is páistí iad! Crúca agus lúb - cad a dhéanfá ach iad a chuir le chéile.

    ReplyDelete
  4. Is féidir liom a shamhailt go ndéanann tusa dearmad an páipear a athrú, D'imir siad cluiche ort chun é seo a léiriú agus anois tá siad ag díreach ag spraoi leat!

    ReplyDelete
  5. Dath-scéim dheas ar aon nós. An citeal agus an tostaer ag maitseáil lena chéil.

    A leithéid de chic!

    ReplyDelete
  6. GRMA Míshásta. Dár ndóigh ní mise a roghnaigh na dathanna, ach seolfaidh mé d'fhocail cineálta chuici féin.

    ReplyDelete
  7. @ 'An citeal agus an tostaer ag maitseáil lena chéile.'

    Thug mé féin é sin faoi deara!

    Is dóigh liom gurb iad na páistí, seans, atá ag diabhlaíocht leat, a chara...:-)

    ReplyDelete