26.3.11

Ár nÓige.

Tá mé i mbun ullmhúcháin do scrúdaithe fé láthair, ualach nár iompraíos le seacht mbliana déag nó mar sin anuas agus caithfidh mé a admháil nach éasca an rud a leithéid a dhéanamh nuair atá taithí chuige caillte.  Cabhraíonn sé áfach, go bhfuil suim éigin in ábhair na scrúdaithe agam, rud nach raibh i gcónaí fíor agus mé ar scoil agus nach mbíonn fíor fós do dhaltaí an lae inniu, is dócha.

Áis iontach an idirlíon dár ndóigh chun taighde a dhéanamh agus tuairimíocht a léamh agus a phlé ach tá cathú ann freisin na uaireanta a mheilt ag scimeáil ó shuíomh go suíomh díreach mar atá déanta inniu agam.  Aoibhinn beatha an scoláire ach ní nuair atá scrúdaithe ag bagairt.

Filíocht an Díreánaigh atá faoi chaibidil inniu agam agus seo an dán is fearr liom uaidh.  Tá sé fós de ghlan mheabhair agam ó léas i dtús é, don Ardteist is dócha, cé nach cuimhin liom cathain ar fhoghlaim mé é.
Má deirid leat do chairde gur siolla den ghaoth trí fhál,
An siolla a chloisir de ghnáth ar bhóthair Bhaile an Cláir,
Nó lámh le Rathún na gCnámh, 
Ná géill feasta dá ráite, 'sí ár nÓige í go dearfa,
Ag éamh ar fud na háite.
Cad a cheapann sibh?  Cad iad téamaí, siombail, íomhánna agus meafair an rainn seo?  An é go bhfuil mé ag crowdsourceáil freagraí samplacha de cheisteanna scrúdaithe? Cinnte dearfa sin atá ar siúl agam!

5 comments:

  1. Is maith liom an dóigh a gcuireann sé ceist inár n-intinn sa chéad líne:

    “Siolla den ghaoth? Céard atá i gceist ag an bhfile? Céard is brí don mheafar seo? Sioscarnach ó chroí an domhain? Na daoine maithe ag caint? Rúndiamhair an chosmais??”

    Agus ansin, cúpla líne níos déanaí, baintear an cairpéad draíochta amach faoinár gcosa: tagann an fhírinne shearbh amach. Ár n-óige atá ann (ach le Ó mór) atá ag cainte le fear meánaosta eile. Agus ní ag sioscarnach atá an siolla anois ach ag éamh.

    Galar na nGael: cumha i ndiaidh na laethanta (geala) a bhí ann.

    ReplyDelete
  2. Dála an scéil, cén scrúdú atá i gceist agat?

    ReplyDelete
  3. Galar na nGael: cumha i ndiaidh na laethanta (geala) a bhí ann.

    ASG. Agus dár ndóigh ní raibh na laethanta leath chomh geal is a gcuimhnítear.

    ReplyDelete
  4. An méid seo thíos scríofa in Éigse, Duanaire Nua na hArdteisiméireachta le Brandán Ó Conaire, lch. 476:

    'Spioraid na hóige sa timpeall i gcónaí.

    An file: Ag caint le comrádaí mór a bhí aige i nGaillimh atá an t-údar sa dán seo. Ainmníonn sé na bóithre a shiúladar. Is fearr leis cuimhne na laethe sin a chur uaidh siar, de bhrí gur uaigneas agus cumha a chuireann na cuimhní sin anois air.'

    Go n-éirí leat sa scrúdú!

    ReplyDelete
  5. An méid seo scríofa ag Caoimhghin Ó Góilidhe in Díolaim Filíochta (na hArteisméireachta), faoin bhfile, Máirtín ó Direáin, lch. 272/3:

    'An té ar dúiche álainn iargúlta sléibhe nó oileán aoibhinn mara is dúchas dó, agus arb éigean dó a shaol a chaitheamh i gcathair choimhthíoch i bhfad ó bhaile, cathair nach dtuigeann a áithritheoirí dó, ní foláir nó is minic a chuimhníonn sé ar a dhúiche dhílis féin agus gur mian leis filleadh uirthi ar feadh tamaill le blaiseadh den aoibhneas inti agus le suaimhneas croí a fháil.'

    Maidir leis an dán 'Ar nÓige', tá scríofa aige, lch 291:

    'Tá an file ag cuimhneamh ar laethanta a óige, ach ní maith leis cuimhneamh orthu, óir an uair úd bhí sé féin agus a chara sona!.

    ReplyDelete