Maidin caite agam ag comhaireamh boinn airgid chun iarracht a dhéanamh billí a ghlanadh. Mar is gnáth, caithfear tús áite a thabhairt dóibhsean atá ag bagairt dlí orm. Ceadúnas Teilifíse íoctha anois don bhliain. Tá baol ann go maróinn Pat Kenny nó Joe Duffy dá mbualfainn inniu leo - bígí ar bhur n-aire, a bhuachaillí.
Tá Bord Gáis ag bagairt an fiacha a dhíol don Viper no a leithéidí de réir dealramh agus / nó an dlí a chur orm. D'athraíos go Airtricity cúpla mí ó shin agus beagnach €400 fós ag dul don Bhord Gáis, ach ós rud é nach bhfuil mé leo a thuilleadh ní féidir leo an chumhacht a ghearradh uainn. Chaitheas €68 chucu ar maidin, málaí airgid san áireamh agus tá níos lú ná €80 ag dul dóibh anois. Is fearr leath ná meath. Beag baol go maródh an Viper ar an méid sin mé, ach más rud é go ndéanfadh, bheinn sásta €100 a thabhairt dó 'cuairt' a thabhairt ar Pat Kenny.
Íomhá ó bigmentaldisease.com
Íomhá ó bigmentaldisease.com
No comments:
Post a Comment