20.12.09

Béasach Léaspach

Fad is atá mé anseo, seo eachtra bheag a thárla sa teach s'againne. Bhíos ag labhairt lei féin ag déanamh trácht ar rud éigin fíor-thábhachtach agus cad a bhí ar siúl aici? Ag téacsáil ar an nguthán! Chailleas m'fhoighne tar éis cúpla nóiméad.
Have you any idea how rude it is to be texting when I'm trying to talk to you?
agus amach liom as an seomra, ar buile.

Nuair a d'fhill mé cúpla nóiméad ina dhiaidh sin cad é a bhí le rá aici liom?
Maybe you don't realise how rude it is to talk to someone who's trying to text?

Touché!

4 comments:

  1. Mo cheol iad lucht na téacsála, go háirithe in áiteanna poiblí, mar dhéanann siad ina dtost í. Ach is éan corr mé féin, duine nach bhfuil fón póca aige ar chor ar bith. Is dóigh liom go bhfuil cúigear againn fágtha go fóill anseo i Seattle.

    ReplyDelete
  2. Anseo in Éirinn nuair atá AA Roadwatch agus a leithéidí ag iarradh eolas ar chúrsaí tráchta bíonn urthu a rá le daoine gan téacsáil a dhéanamh agus iad ag tiomáint!

    ReplyDelete
  3. Scríobh mé faoi théacsáil is tiomáint abhus anseo cúpla mí ó shin anseo.

    Dála an scéil, ní oibríonn an nasc thuas. Is dóigh liom gur fhág tú ‘www.’ ar lár.

    Ceist agam ort: céard atá scríofa faoi Mr. Jihad. Ní thig liom é a léamh.

    ReplyDelete
  4. Tá'n ceart agat faoin nasc Dennis. Seo an ceartú: AA Roadwatch. Tá'n cuma air nach féidir an trácht féin a cheartú.

    Níl faoi Mr Jihad ach "by Roger Hargreaves". Níl ann ach scige bunaithe ar an tsraith cáiliúil Mr Men. Is dócha gur Mr Bump a bhí ann, sular aistrigh sé go hIslam. Ní cuimhin liom cár aimsigh mé é. Caithfidh mé avatar nua a aimsiú, ar eagla go bhfuil cóipcheart air!

    ReplyDelete