Mar is iondúil, tosnóidh mé an giota seo ag iarradh maithiúnas as ucht an easpa obair anseo le déanaí. Sular thosnaigh mé mo bhlagsa is minic a thugainn fá ndeara chomh minic is a phléití easpa scríobhnóireacht ar bhlaganna ach tuigim go maith anois cúis crá croí meitheal aonarach an bhlagaideoireacht. Is dócha gurb í an fhadhb atá agam féin ná easpa brú chun múscailt.
Le míonna bheag anuas táim tar éis filleadh ar an gColáiste chun cáilíocht nua a bhaint amach. Cé gur blianta fada óna raibh mé faoi bhun oideachas fhoirméalta tá mé lán ábalta aistí a scríobh nuair a leagtar amach an ábhar dom agus nuair a chuirtear spriocdháta daingean leis. Níos deacra ar fad domsa postanna ghearra a chumadh anseo nuair atá saoirse iomlán agam! Ní fíor fiú nach bhfuil dóthain le rá agam. Tá sé ar intinn agam sliocht fada a scríobh faoin acht minic-mallachtaithe EPSEN agus uile atá cearr leis ach níl éinne ann chun mé a ghríosadh chun tosnú!
Chaitheamar tamaillín bheag i mbrú brónach an Spéirmhná thall i gCromghlinn Átha Cliath de bharr tinneas a tháinig ar an bhfear óg. Tá roinnt le rá agam faoi sin freisin, idir moladh agus lochtú, ach arís eile, cé a lasfaidh an brosna fúm?
Gan trácht ar athdhreachtú na Bunreachta a bhí ar siúl go díograiseach agam tráth dá raibh. Tá sé ráite i mbliana ag Éanna an Léinne Ghorm go gcuireadh siad an Seanad ar ceal agus iad i bhfeighil ar an dtír (ní fada uainn é, le cúnamh Dé). An é go bhfuillim ag fanacht orthu na athraithe a dhéanamh sula bhfoilsím mo thuairimí luachmhara féin?
Ní leithscéal leisce.
No comments:
Post a Comment