10.9.10

Sínígí anseo, mura miste libh ...

N'fheadar an bhfuil aon ní chomh neamhéifeachtach le hachainí idirlíne?

Fós féin, tá duine éigin i ndiaidh feachtas ar-líne a bhunú chun brú a chur ar an Roinn culú ón gcinneadh stádas na scoileanna ABA a athrú, ionas nach scoileanna ABA a bhéas iontu a thuilleadh.  Go bhfios dom, tá an cinneadh seo déanta, agus glacta leis beag nó mór ag na scoileanna féin, cé gur b'fhéidir nach mó ná sásta a bhí cuid acu géilleadh le haineolas na Roinne ar deireadh.

Cad is fiú a bheith ag gearán anois faoi nuair atá an feall déanta?  Tá a fhios againn dár ndóigh cé orthú a fhileann feallanna.  B'fhéidir gurb fhiú é a shíniú ar mhaithe cruachás na leanaí seo a choimeád i mbéil an phobail, ach nuair a fheicim cé atá mar an cheathrú duine á shíniú is ar mire atáim.

Cheapfá gur gnáth-shaoránach an amadán úd gan tionchar ar bith aige ar chúrsaí na tíre ach nach bhfuil aon rud eile go bhféadfadh sé a dhéanamh seachas a hainm a chur hachainí idirlíne?  Mo náire thú a Phóilín!

In aineoinn masla an ghlasra, sínígí anseo, le bhur dtoil.

4 comments:

  1. Tá an t-amhras céanna ormsa. Níl aon chostas le achainí mar seo a shíniú; mar sin, ní fheictear dóibh siúd a bhfuil an t-achainí dírithe orthu go bhfuil luach leis.

    Maidir le síniú an pholaiteora, glacaim leis gur poiblíocht dó féin a bhí i gceist. Maíonn sé ina thrácht go bhfuil an cheist ardaithe aige leis an dTánaiste.

    Is deacair an Roinn Éadóchais a bhogadh.

    ReplyDelete
  2. Ach rinne mé rud ort!

    ReplyDelete