14.9.10

Buille Maraithe na Muice?


Tá sé i gcoinne an dlí a bheith i bhfeighil gluaisteáin agus tú fé thionchar an óil.  Nach cóir go mbeadh sé i gcoinne an dlí mesice nó póit a bheith ort i bhfeighil tír?

Tá'n scéal á shéanadh ag an mbastún, ach nuair a chuirtear Morning Ireland na maidine ar an idirlíon amach anseo beidh an agallamh náireach le cloisteáil ag gach duine.  Deanaigí bhur gcinntí féin.

Chualas féin ar maidin é agus sin díreach a cheapas - tá póit ar an bhfocar sin!

Meas mór do 'What Goes Up' ón mBiorán as ucht an bpictiúir thuas.

8 comments:

  1. Cén ceann des na podchraoltaí a bhfuil sé ag labhairt ann?

    ReplyDelete
  2. Chualas díreach roimh a 9r.n. é ach nílim cinnte an bhfuil an podchraoladh eisithe fós acu.

    ReplyDelete
  3. Téigh anseo http://www.rte.ie/radio1/podcast/podcast_morningireland.xml
    agus go dti second hour 8-9

    ReplyDelete
  4. GRMA Grá. Cad a cheap tú féin? An raibh meisce nó póit air i do thuairimse?

    ReplyDelete
  5. Meascán de phóit, tuirse, cantal, ocras agus an iomarca amhránaíocht an oíche roimhe atá air gan amhras.
    Nílim mór le Brian agus nílim ar tí é a chosaint ach cén fáth a bhfuil scéal á dhéanamh de seo?

    ReplyDelete
  6. recte: an iomarca amhránaíochta ón oíche roimhe

    ReplyDelete
  7. Is dócha gur scéal é mar go raibh an slua sin ag cur i gcéill go rabhadar ag cruinniú chun réiteach ar ghéarchéim na tíre a chuardú. Tá'n cuma anois air nach raibh ann ach cóisir mhór.

    An raibh coisir mhór tuillte acu?

    Fiú má raibh, nach bheifeá ag ceapadh go mbeadh sé de chiall ag Taoiseach na tíre gan imeacht ar raidio agus ceann mór lofa air?

    Cad eile atá déanta aige le blian nó dhó anuas agus é ar meisce?

    ReplyDelete
  8. Is breá liom an íomhá, thar cionn!

    Tagaim leat a choc, ach, níl aon rud nua anseo. Tá a fhios againn, bhuel tá súil agam go bhfuil, tá a fhios againn gur cuma leo faoi staid na tíre agus an phobail.

    Seo an gníomh amaideach is lú a dhein an fear ó tháinig sé in oifig mar Thaoiseach!
    Seo an eachtra is lú dochair a dhein sé sa tréimhse seo ach seo an eachtra amaideach is mó feirge agus cainte i measc na nÉireannach!

    Tá na mílte rudaí déanta aige gur chóir dúinn a bheith feargach fúthu, is cúis díomá agus iontais domh go bhfuil an ceann sé ag cruthú freagra chomh láidir!

    ReplyDelete