9.6.09

I ndiaidh na h-anfa.

Tá na comhairimh críochnaithe anois agus is cinnte gur buaileadh buile trom anuas ar bhrollach uaibhreach an rialtais. Chaill FF 84 síocháin ar na comhairlí contae 's cathrach. B'shin toradh níos measa fiú ná 2004 dóibhsan agus leis an bpost roimhe seo á chumadh agam dá cheap mé go raibh slad den méid sin i ndán dóibh, is cinnte go mbéinn den tuairim go mbeadh olltoghchán againn i gceann mí nó dhó.

Ait an rud a rá áfach, tá'n cumadh anois ann gur iomarcach an áir don rialtas. Mar a deirtear i mBéarla:
Be careful what you wish for.
Tá sé deacair anois smaoineamh ar fáth a fhágadh an Chomhaontas Glas ard-bhord an rialtais. Ní raibh coinne agam go scriosfaí slua Ghormley go dtí go raibh níos lú síocháin acu ná iar-PDanna! Is léir go bhfuil na Glasaigh ar imeall an deireadh agus i ndiaidh an ollthoghchán i 2012 ní beidh fághta acu mar ionadaithe ach an triur úd, san Lú, sa Chláir agus i gCill Chainningh. Ag glacadh leis an méid sin cad chuige a chuireadh na Glasaigh a n-ainmneacha ós comhair an phobail anois?

Is cinnte go dtuigeann siad anois an fearg dhearg atá ann anois dóibh as ucht an tacaíocht atá á thabhairt acu do Fhianna Fáil sna bhfeachtais i gcoinne leannaí, daoine gan obair, daoine le míchumas agus seanóirí. Ach nach bhfuil sé ró-dhéanach anois an méid sin a admháil? Conas gur féidir leo meas an phobail a ath-thuilleamh anois?

Dá mbeadh olltoghchán i gceann mí againn, seans maith ann go gcaillfeadh siad chuile Teachta Dála atá anois acu, seachas b'fhéidir, Trevor Sergant. Bhraitheadar i gcónaí ar aistrithe ó pháirtithe eile, aistrithe nach raibh ann inné agus nach beidh ann amárach, fad is atá siad sáite i dtóin Fhianna Fáil. Dá bhriseadh siad an rialtas cruallach seo anois, tá seans beag ann go meallfar ar ais roinnt bheag dos na aistrithe sin. Ní leor chun sé síochán a shábháil ach dóthain b'fhéidir chun todhchaí an pháirtí a chinntiú. An ceist atá rompu anois ná an bhfuil na Teachtaí atá anois acu sásta an íobairt a dhéanamh ar mhaithe an pháirtí amach anseo?

Creidim go láidir nach bhfuil sé riamh ró-dhéanach botún a cheartú. B'fhearr go mór dóibh é sin a dhéanamh anois láithreach már i gceann bliain nó dhó eile, ní bheidh maithiúnas ar bith ann dóibh.

No comments:

Post a Comment