13.7.10

Cúrsaí sa Pháil.

Ag filleadh anois ar thorthaí an toghchán atá le teacht, caithfidh mé súil (nó dhó) ar chúrsaí sa phríomchathair.  Ní féidir thoghchán a bhuachaint gan suíochán nó fiche a bhreith leat ansin.  Seo mar a tharlós, dár liom.

Dún Laoghaire.  Tuar:  FF-1 (-1 ) FG-1 LO-1 PRB-1 (+1).  Caillfidh an rialtas dhá suíochán anseo.
Tá laghdú le teacht ar líon na suíocháin anseo agus b'fhiú sin chun ceann a bhaint ó FF.  Ní féidir a rá an  AndrewsHanafin nó a chailleas, ach má leanann sibh na naisc, feicfidh sibh cad atá uaim mar thoradh.  Tá Cuffe imithe freisin mar ní bheidh vótaí le sparáíl ag FF chun é a thogadh agus níl éinne eile chun iad a thabhairt dó.  Tá lá RBB agus an SWP ar tí teacht!    

Áth Cliath Iarthar-Láir.  Tuar: FF-1 FG-1 (+1) LO-1 GF-1 (+1)  Bainfidh FG suíochán Gogarty anseo gan stró.
Caithfidh suíochán Harney a bheith imithe freisin go háirithe nuair a cheaptar nach bhfuil suim aici fiú troid ar a shon.  Ach cé a gheobhas é?  Cheapfainn féin go bhfuil sé ann don páirtí a bhfuil muinín acu an dara iarrathóir a chur sa rás idir FG, LO agus fiú FF.  Murach sin tá seans beag go mbainfidh SF ceann anseo, ach beag baol.  Táim a bhronnadh anois ar GhanFhios.

Áth Cliath Thiar.  Tuar:  FF-1 FG-1 LO-1 PS-1 (+1). Athghabháil suíochán ar son na réabhlóide anseo.
Agus suíochán breise anseo, níl slí dá laghad nach bhfillfidh Joe Higgins chuig Teach Laighin.

Ath Cliath Theas.  Tuar:  FF-1 FG-2 LO-2 (+2).  Bua mór i ndán don LO anseo.
Tá praiseach cheart déanta ag FG den dáilcheantar seo agus suíochán George Lee caillte acu. Murach sin bheadh triúir insuite acu anois agus seans maith acu iad a choimeád.  Mar atá caithfidh an LO dánacht ar leith a thaispéaint anseo agus beirt a chur san iomaíocht.  Cuimhnigh ar éacht Eithne agus ná déan an botún céanna arís a chomradaí.

Áth Cliath Thiar Theas.  Tuar:  FF-1 (-1) FG-1 LO-1 SF-1 (+1).  Ceann eile anseo do SF.
Níl aon slí gur féidir le FF dhá suíochán a choimeád anseo le níos lú ná 30% den vóta.

Áth Cliath Thoir Theas.  Tuar:  FF-1 FG-1 LO-1 GF-1 (+1).  Ceann eile do GF anseo.
Tá'n rás rite ag an Ghormfhlaitheach ach ní féidir in aon chor a thuar cé a bhaineas uaidh é.  Maraon le Áth Cliath Iarthar-Láir 'sé pé acu atá muinín acu an dara iarrathóir a sheasamh a bheireas an bua.

Áth Cliath Lár Theas.  Tuar:  FF-1 (-1)  FG-1 LO-2 (+1) SF-1.  Bainfidh Eric Byrne ceann ó FF.
Tá baol anseo do SF agus is ar éigin a choimeádfaidh Ó Snodaigh a áit, ach ní féidir dhá suíochán a fheiscint do FG i mBaile Fhormad.

Áth Cliath Lár.  Tuar:  FF-1 (-1) FG-1 (+1) LO-1 N-1. Ardú céíme do Phascal atá i ndán anseo is dócha.
Deireadh le réim Rí na nGaimbín ach beag baol go gcaillfidh sé a shuíochán féin.  Mór an trua. 

Áth Cliath Lár Thuaidh.  Tuar:  FF-1 FG-1 N-1.  Mar atá.
Tá vóta dochreidte ag FF anseo, de bharr ainm Uí hEochaidh is dócha. In aineoinn chaimiléireacht Mhic Craith, tá sé slán.

Áth Cliath Thiar Thuaidh.  Tuar:  FF-1 (-1) LO-1 SF-1 (+1). Bainfidh Dessie Ellis ceann anseo, faoi dheireadh!
Caithfidh titim ar vóta FF a bheith chun tairbhe SF thar FG.

Áth Cliath Thoir Thuaidh.  Tuar:  FF-1 FG-1 LO-1. Mar atá.
Arís anseo tá vóta dochreidte anseo ag FF rud a chinnteos go bhfuil an suíochán slán acu, fiú má éiríonn Woods as.

Áth Cliath Thuaidh.  Tuar:  FF-1 (-1) FG-1 LO-1 (+1) PS-1 (+1).  Ceann eile don PS anseo.
Tá FF láidir anseo freisin ach fós féin titfidh an vóta fé bhun 30%, rud a chailleas an dara suíochán dóibh.  Tá'n iar-ard-glasra fiuchta anseo freisin, dár liom.

Fiuchta! ASG!

Seo mar a sheasfas cúrsaí mar sin i ndiaidh teachtaí Áth Cliath a chuir san áireamh:

FF-39 (-19) FG-47 (+9) LO-27 (+10) SF-6 (+3) PS-2 (+2) PRB-1 (+1) N-3 GF-2 (+2)

Le deich ndáilcheantar le comhaireamh fós tá cuma an chéad rialtas eile le sonrú go soiléir.

2 comments:

  1. Nach leadránach brónach truamhéalach an chaoi a bhfuil an rialtas atá i ndán dúinn chomh dosheachanta is atá sé.

    ReplyDelete
  2. Is fíor sin. Cé gur b'fhearr go mór liom féin go mbeadh rogha éigin againn, níl.

    Dá mbeadh sé de mhuinín ag an LO fanacht amach agus FF & FG a bhrú le chéile chun impleachtaí agus toradh an gaimbín-chaipitileachas a nochtadh ina iomláine, b'fheidir go mbeadh rogha ansin againn an chéad uair eile idir na Coimeádaigh agus na Sóisialaigh?

    Dár ndóigh caithfear a admháil nach bhfuil bloc Sóisialach ann fé láthair, ach b'fhéidir i ndiaidh cúpla bliain fé chos FF/FG tiocfadh borradh ar fhórsaí an eite chlé? Ach i ndáiríre, tá 90 bliain caite againn fé chos FF/FG agus níl an réabhlóid tagtha fós, an bhfuil?

    Ach níl ṡé de dhánacht ag an LO a leithéid a dhéanamh ar aon nós.

    Truamhéalach agus tragóideach an scéal.

    ReplyDelete