Fad is atá olltoghchán ar m'intinn agam (agus tnúth go mór leis i ndáiríre) ní mór smaoineamh a dhéanamh ar cad a thiteas amach nuair a fhaigheann muid deis arís ár dtuairimí a nochtadh i leith iarrachtaí ár gceannairí.
Bhíos chun giota ghearr a scríobh ag tuaradh todhchaí toghchánaíocht ach ní mór an ceist a iniúchadh dáilcheantar ar dháilcheantar chun toradh ciallmhar a thuar. Seo mar sin mo thuairimí:
Cill Mhantáin. Tuar: FF-1 (-1) FG-2 LO-2 (+1). Caillfidh Behan an suíochán. Caillfidh Doyle freisin ach is tóin Harris a bhéas ina áit.
Bhí 38% nó mar sin den vóta ag FF i 2007 agus ní gheobhaidh siad arís é, ach ní creidim go dtitfidh siad faoi 20%, fiú le Joe Behan mar neamhspleáchaí. Tá'n suíochán amháin acu slán, ach b'fhéidir nach faoi sheilbh an Róisteach a bhéas sé i ndeireadh na dála.
Loch Garmán. Tuar: FF-2 FG-2 LO-1. Mar atá.
Bheadh seans ag an LO an dara suíochán a bhaint ó FF anseo, ach amháin leithleas Howlin. Dá mba rud é go raibh Dwyer fós le SF bheadh suíochán aige, ach mar a sheasann cúrsaí, bainfidh FF dhá cinn arís in aineoinn titim tubaisteach tacaíochta.
Port Láirge. Tuar: FF-1 (-1) FG-2 (+1) LO-1. Ní féidir le FF an dara suíochán a choimeád le níos lú na 30% den vóta.
Tiobraid Árainn Theas. Tuar: FF-1 (-1) FG-1 LO-1 (+1). Tá súil agam gur Mansergh a chailleas anseo ach níl fios dá laghad agam ach amháin gur cinnte go gcaillfidh FF ceann amháin.
Tá sé deacair a rá cé acu Healy nó Prendergast a thógas an tríú suíochán ach caithfidh an buntáíste a bheith ag an páirtí saibhir, seachas an neamhspeáchaí, mar is gnáth.
Tiobraid Árainn Thuaidh. Tuar: FF-1 FG-1 N-1. Mar atá. (Cé gur trua é go ndéantar laoch den Lobhar.)
Sligeach-Liatroim Thuaidh. Tuar: FF-1 (-1) FG-2 (+1). Beag seans go bhféadfaí SF éacht a dhéanamh anseo.
Ros Comáin-Liatroim Theas. Tuar: FF-1 FG-2. Mar atá.
Fiú leis an gCeallach acu, ní fheicim gur féídir leis an LO suíochán a bhaint anseo, mar ní féidir a bheith ag súil le go dtitfidh vóta FF faoi bhun 25%.
An Mhí Iarthar. Tuar: FF-1 (-1) FG-1 SF-1 (+1). Bainfidh Joe Reilly suíochán an Bhrádaigh.
Níl eagraíocht dá laghad ag an LO anseo.
I ndáiríre tá an t-ádh le FF gur scoilteadh an Mhí ina dhá leath i 2007, mar dá mba rud é go raibh dáilcheantar amháin ann anois is FF-1 FG-2 LO-1 SF-1 a bheadh mar thoradh.
Maigh Eo. Tuar: FF-1 (-1) FG-3 LO-1 (+1). Caillfidh FF ceann anseo.
Le Flynn san áireamh ní raibh ach 34% den vóta ag FF anseo agus tiocfaidh titim eile ar sin. Ní féidir leo dhá suíochán a bhaint amach agus níos lú na 25% den vóta acu. Fillfidh Cowley arís chuig Teach Laighin.
Is leor sin mar obair d'aon oíche amháin. Le deich ndáilceantar déanta agam, seo mar a sheasann na páirtithe:
FF-11 (-7) FG-17 (+2) LO-7 (+4) SF-1 (+1) N-1
Gach buíochas le suíomh iontach www.electionsireland.org
Very good.
ReplyDeleteMuito obrigado!
ReplyDeleteNí mholfainn d'éinne an nasc thuas a leanadh, ar eagla na heagla.
Bail ó Dhia ar an obair.
ReplyDeleteAn bhfaca tú an t-alt seo
GRMA. Déanfaidh mé comparáid leis nuair atá m'iniúchtaí féin críochnaithe agam.
ReplyDelete