17.8.10

Imigh nó Téigh?

Táim fillte anois ó thobair na Gaeltachta ach tá tart fós orm, i ndiaidh an rothaíocht a rinneas is dócha.  Más féidir libh braonta beaga eolais a sheoladh chugam, bhéinn buíoch asaibh.

Cad í an difríocht idir bríonna an dhá bhriathar 'Imigh' & 'Téigh'?  An bhfuil rialacha ar leith ann a mhíníonn conas nó cathain go mba chóir ceann a úsáid thar ceann eile?  An ceist chanúnachais í?   Is ait dom nár imigh an cheist seo i bhfeidhm orm roimhe seo, nó an ait nár chuaigh?

Ach anois go bhfuil sé imithe i  bhfeidhm orm, rachfaidh mé as mo mheabhar ag macnamh air mura dtugann duine éigin faoiseamh dom.

Fáilte roimh bhur dtuairimí.

15 comments:

  1. Caithfidh tú dul go fréamh na ceiste.

    An difear a fheicimse ná go mbíonn tú ag imeacht as áit éigin; ach ag dul go dtí áit éigin.

    (D'fhéadfadh an cheist dul i bhfeidhm ort freisin...)

    ReplyDelete
  2. Chuala mé freagra mar sin cheanna, ach nílim ró-chinnte faoi.

    Má thosnaím sa bhaile ar maidin an chóir dom a rá "Imeoidh mé as baile agus rachfaidh mé ar scoil"? Ag deireadh an lae ansin an chóir a rá "Rachfaidh me abhaile agus imeoidh mé ón scoil"?

    An mbraitheann sé ar an aimsir b'fhéidir?

    Ní fhuaimníonn "D'imigh mé abhaile" ná "Chuaigh mé abhaile" mícheart ar mo chluas ar aon nós.

    ReplyDelete
  3. Níl ceachtar acu mí cheart.

    Is féidir ceachtar acu a rá: imeoidh mé abhaile anois, nó táim ag dul abhaile anois.

    Ach tá béim éagsúil ann, dar liom.

    ReplyDelete
  4. This comment has been removed by the author.

    ReplyDelete
  5. Tuigim an difríocht atá á mhaíomh agat ach b'fhearr liom dá mbeadh miniú níos géire ar an idirdhealú eatarthu (má tá a leithéid ann, agus b'fhéidir nach bhfuil).

    Ag dul abhaile. Ag imeacht abhaile. Hmm.

    Ní chabhraíonn seo liom ar aon nós:

    dul [ainm briathartha][ainmfhocal firinscneach den tríú díochlaonadh]: gluaiseacht (dul abhaile, anonn is anall); imeacht (cá ndeachaigh sé? rachaimid amach an sliabh);

    Ach seo an iontráil atá ann do imeacht:

    imeacht [ainm briathartha][ainmfhocal firinscneach den tríú díochlaonadh]: áit a fhágáil (d'imigh sé abhaile);

    Is dócha gur suntasach nach luaitear 'dul' mar bhrí ar imeacht, ce go ndéantar a mhalairt.

    Is dócha go bhfuil an ceart agat mar sin.

    ReplyDelete
  6. Anonymous18/8/10 02:54

    Amharc ar anseo.

    Ag dul abhaile = litir b
    Ag imeacht abhaile = litir c

    Tá tú ag labhairt faoin cheann scríbe chéanna, ach tá tú ag tagairt dó le dearcthaí éagsúla. Téann an dá fhocal seo thar a chéile toisc go bhfuil fréamh choiteann acu. Tagann imigh as um + téigh.

    ReplyDelete
  7. GRMA a Sheáin. Sin atá ráite ag Aonghus ach cinnte go gcabhraíonn na pictiúir. Dár ndóigh tá cathú anois orm Gaeilge a chur ar na litreacha eile, ach níl am agam faoi láthair - fágfaidh mé fúibhse mar obair bhaile é a leitheoirí.

    Níor chualas riamh gur tháinig imigh as um + téigh. Más ea, sin í an freagra a bhí de dhíth orm. An bhfuil foinse agat don eolais sin?

    ReplyDelete
  8. Féach air DIL

    Cuir imigh isteach sa chuardach, agus tabharfar go imm-téit tú.

    ReplyDelete
  9. Sin díreach a rinne mé freisin ach níl fiú rian den tSean Ghaeilge agam agus ní rabhas cinnte go díreach cad ba bhrí le 'téit' sa chomhthéacs sin.

    ReplyDelete
  10. Go deimhin, má chuireann tú téit isteach feicthe tú go bhfuil an dúrud brí aige.

    ReplyDelete
  11. Feicim sin. IAC.

    Suimiúil go leor, ar chuardach 'téit' dom thug mé fá ndeara an focal 'imthecht' .i. im + teacht == imeacht?

    'Sé sin, im+tar == imigh, seachas im+téigh == imigh?

    Nó b'fhéidir a dá rud, ag braith ar cá bhfios?

    ReplyDelete
  12. Ó Muise, ealaín dorcha is ea an sanasaíocht...

    ReplyDelete
  13. Ealaíon nó eolaíocht nó eolaíocht ealaíonta nó ealaíon eolaíochtach?

    ReplyDelete
  14. Ealaíon.

    Nó ar a laghad, níl aon turgnaimh sanasaíochta gur féidir a dhéanamh chun sanasaíocht a chruthú nó a bhréagnú.

    ReplyDelete
  15. Wow, a fheara! Táim ag foghlaim liom uaibh...:-)

    ReplyDelete