Cleas cliste é seo chun cosaint daoine a ísliú. Tá gach cuma air go bhfuil an córas oibriúcháin ag iarradh do ríomhaire a chosaint ó Trojan agus ní gá ach 'Remove all' a roghnú chun do threallamh a choimeád slán ó na diabhail Rúisigh. Ach, nuair a bhrúann tú an cnaipe áirithe sin, cad a thárlaíonn ach go n-osclaítear preabfhuinneog eile ag iarradh cead pack_win-security.exe a íoslódáil. Dár ndóigh má thugann tú cead tá tú sáite i bpráinn.
Bheadh, ba chóir dom a rá, ach níl, mar ní chóir go mbeadh Fuinneoga ar an ríomhaire in aon chor agat, rud a chiallódh go mbeadh an 'Control Panel' thuas go hiomlán as áit.
Fáth amháin eile Linux a úsáid: ní fiú dos na Rúisigh am a chaitheamh ag iarradh an dalla mullóg a chur ar éinne seachas lucht na bhFuinneog.
Dála an scéil, úsáideann na Rúisigh ríomhairí a bhfuil smacht acu orthu (i ngan fhios dá úinéirí) chun suíomhanna idirlíne a ionsú, ar nós ár CAO féin. Cé gur córas nimhneach córas na bpointí, sílim go bhfuil sé beagáinín iomarcach an CAO féin a ionsú. N'fheadar cé mhéad pointí gur gá a bheith agat chun ríomheolaíocht a dhéanamh i mbliana?
Fáth amháin eile Linux a úsáid...
ReplyDeleteNó Apple, mo rogha féin - sa bhaile ar aon nós - le tríocha bliain anuas.
Cé go bhfuil níos lú baol d'úsáideoirí Linux, níl siad saor ar fad uaidh.
ReplyDeleteBreis anseo
Agus, de réir mar a éiríonn Linux coitianta, ardóidh an baol.
Níor úsáid mé Mac riamh, ach tá an córas OS X bunaithe anois ar Unix go bhfios dom agus ba chóir go mbeadh siad níos sábháilte ná Fuinneoga ar aon nós.
ReplyDeleteCeart agat a Aonghuis - caithfear a bheith aireach i gcónaí, is cuma cén córas a úsáidtear.
Go raibh maith agat, a Choc.
ReplyDeleteCeist amháin agam oraibh - an laghdaíonn clár frithvíreas Norton an baol, nó an gcaithfear clár éigin eile a úsáid, chomh maith le 'bheith aireach i gcónaí'?
Úsáidim AVG, atá saor in aisce agus a oibríonn ar Linux & ar Fuinneoga.
ReplyDeleteThis comment has been removed by the author.
ReplyDeleteThis comment has been removed by the author.
ReplyDeleteBainim úsáid as Zone Alarm fosta.
ReplyDelete(gabh mo leithscéal!)
GRMA
ReplyDelete