25.8.10

Rabhadh.

Bhíos ag gúgláil liom ag lorg eolas faoin córas nua WiMax nuair a thárla seo:



Cleas cliste é seo chun cosaint daoine a ísliú.  Tá gach cuma air go bhfuil an córas oibriúcháin ag iarradh do ríomhaire a chosaint ó Trojan agus ní gá ach 'Remove all' a roghnú chun do threallamh a choimeád slán ó na diabhail Rúisigh.  Ach, nuair a bhrúann tú an cnaipe áirithe sin, cad a thárlaíonn ach go n-osclaítear preabfhuinneog eile ag iarradh cead pack_win-security.exe a íoslódáil.  Dár ndóigh má thugann tú cead tá tú sáite i bpráinn.

Bheadh, ba chóir dom a rá, ach níl, mar ní chóir go mbeadh Fuinneoga ar an ríomhaire in aon chor agat, rud a chiallódh go mbeadh an 'Control Panel' thuas go hiomlán as áit.

Fáth amháin eile Linux a úsáid:  ní fiú dos na Rúisigh am a chaitheamh ag iarradh an dalla mullóg a chur ar éinne seachas lucht na bhFuinneog.

Dála an scéil, úsáideann na Rúisigh ríomhairí a bhfuil smacht acu orthu (i ngan fhios dá úinéirí) chun suíomhanna idirlíne a ionsú, ar nós ár CAO féin.  Cé gur córas nimhneach córas na bpointí, sílim go bhfuil sé beagáinín iomarcach an CAO féin a ionsú.  N'fheadar cé mhéad pointí gur gá a bheith agat chun ríomheolaíocht a dhéanamh i mbliana?

9 comments:

  1. Fáth amháin eile Linux a úsáid...

    Nó Apple, mo rogha féin - sa bhaile ar aon nós - le tríocha bliain anuas.

    ReplyDelete
  2. Cé go bhfuil níos lú baol d'úsáideoirí Linux, níl siad saor ar fad uaidh.

    Breis anseo

    Agus, de réir mar a éiríonn Linux coitianta, ardóidh an baol.

    ReplyDelete
  3. Níor úsáid mé Mac riamh, ach tá an córas OS X bunaithe anois ar Unix go bhfios dom agus ba chóir go mbeadh siad níos sábháilte ná Fuinneoga ar aon nós.

    Ceart agat a Aonghuis - caithfear a bheith aireach i gcónaí, is cuma cén córas a úsáidtear.

    ReplyDelete
  4. Go raibh maith agat, a Choc.

    Ceist amháin agam oraibh - an laghdaíonn clár frithvíreas Norton an baol, nó an gcaithfear clár éigin eile a úsáid, chomh maith le 'bheith aireach i gcónaí'?

    ReplyDelete
  5. Úsáidim AVG, atá saor in aisce agus a oibríonn ar Linux & ar Fuinneoga.

    ReplyDelete
  6. Anonymous25/8/10 18:57

    This comment has been removed by the author.

    ReplyDelete
  7. Anonymous25/8/10 18:58

    This comment has been removed by the author.

    ReplyDelete
  8. Anonymous25/8/10 19:02

    Bainim úsáid as Zone Alarm fosta.

    (gabh mo leithscéal!)

    ReplyDelete