18.8.10

Obair Bhaile.

Mar gur minic a mheallann freagra ceist, seo tasc beag daoibh.

Cén réamhfhocal* a bhaineann le gach pictiúr thíos?


Is dócha go bhfuil níos mó ná freagra amháin ar chuid acu.

Seo iad a leanas mo thuairimí faoi I, J, K & L.

I: faoi
J: ar
K: thar
L: os cionn

Mo bhuíochas le Séan as ucht an spreagadh.

* Réamhfhocail comhshuite san áireamh.

6 comments:

  1. Níl anseo ach tuairim uaim!

    E: den
    M: thuas
    Q: idir
    F: istigh
    N: siar
    G: isteach
    O: thiar
    S: tríd
    D: suas
    H: faoi
    I: thíos
    P: abhus
    T: timpeall
    R: thart

    ...b'fhéidir!

    ReplyDelete
  2. An-mhaith Áine.

    Tá A deacair, nach bhfuil?

    Seo a leanas mo thuairimí eile.

    B: chuig
    C: ó
    D: aníos
    E: anuas
    F: i
    G: istigh
    H: faoi
    I: faoi
    J: ar
    K: thar
    L: os cionn
    M: ar bharr
    N: amuigh
    O: os comhair
    P: taobh thiar
    Q: idir
    R: i measc
    S: tríd
    T: timpeall

    ReplyDelete
  3. Ach ní réamhfhocail iad na focail seo: istigh, isteach, amuigh, taobh thiar, anuas, aníos, thuas, thíos, suas, abhus. Is dobhriathair iad.

    Tóg F mar shampla.

    1) leis an réamhfhocal “i”: Tá sé i mbosca / sa bhosca.

    2) leis an réamhfhocal céanna móide an dobhriathar “istigh”: Tá sé istigh sa bhosca.

    Agus G anois:

    1) Chuaigh sé sa bhosca.

    2) Chuaigh sé isteach sa bhosca.

    ReplyDelete
  4. Ceart agat a Dhennis, mar is gnáth.

    Athróidh mé mo fhreagraí go:

    B: chuig
    C: ó
    D: go bharr
    E: ó bharr
    F: i
    G: go láir
    H: faoi
    I: faoi
    J: ar
    K: thar
    L: os cionn
    M: ar bharr
    N: as
    O: os comhair
    P: ar chúl
    Q: idir
    R: i measc
    S: tríd
    T: timpeall

    Nílim sásta go bhfuil m'fhreagraí do H & I mar an gcéanna. An bhfuil idirdhealú le déanamh idir a bhfuil á léiriú sna bpictiúir?

    ReplyDelete
  5. Anonymous19/8/10 18:34

    Ba chóir dúinn idirdhealú a dhéanamh ar ghluaiseacht agus suíomh seasaimh. Mar sin, seo mo thuiscint:

    a. ag
    b. go, chuig, chun
    c. as, ó, de
    d. ar
    e. de
    f. istigh i
    g. isteach i
    h. thíos
    i. faoi
    j. ar, i
    k. trasna
    l. thuas
    m. ar bharr
    n. amach
    o. ar gcúl
    p. ar aghaidh
    q. idir
    r. i measc
    s. trí
    t. timpeall

    ReplyDelete
  6. @ ' Is dobhriathair iad.'

    Thuig mé é sin, a Dennis, ach nuair a déantar rud faoi dheifir, mar a rinne mé le mo liosta thuas, níor thug mé faoi deara gur réamhfhocail amháin a bhí i gceist!

    ReplyDelete