Cheannaíomar an crann nollag aréir, seachtain nó mar sin níos déanaí ná mar is gnáth dúinn, de bharr an sneachta sleamhain is dócha. Nuair a d'fhilleamar abhaile inniu i ndiaidh na scoláirí go léir a bhailiú bhí boladh agus cumhracht an chrainn ag fearradh fáilte is fiche romhainn.Is aoibhinn liom an Nollaig.
Bain sult as. Crann againn ón Satharn. Is fearr liomsa gan na maisiúcháin a bheith againn ró luath; gan an Nollaig a scaipeadh ró leathan.
ReplyDeleteTuigim. Bíonn brú orainn na maisiúcháin a chrochadh chomh luath agus a chríochnaítear milseáin Óiche Shamhna. Thug an droch aimsir faoiseamh dúinn i mbliana.
ReplyDeleteBhí orm an crann a thabhairt isteach inné freisin. Is crann beo é. Bíonn sé sa ghairdín ach tá sé tar éis éirí iontach mór agus beidh orainn crann nua a fháil an bhliain seo chugainn.
ReplyDeleteCrann beo? Cad é sin? Fós ag fás an ea?
ReplyDeleteSin é go díreach. Fós ag fás i bpota. Bhuel níl sé i bpota,ach i gciseán níocháin mar go bhfuil sé chomh mór sin i mbliana. Is féidir an crann céanna a úsaid ar feadh 5-7 bliana.
ReplyDelete@ 'Is aoibhinn liom an Nollaig.'
ReplyDeleteMise freisin!
@ 'Is féidir an crann céanna a úsaid ar feadh 5-7 bliana.'
Is maith liom an smaoineamh sin!