4.5.09

Graffiti

Maraon le haon baile in Éirinn tá fadhb beag sa bhaile s'againnse le Graffiti, mar a ghlaotar ar an loitiméireacht a fheictear ar phollaí solais nó ballaí nó mar sin. De ghnáth, is beag dabht nach bhfuil i gceist ach ógánaigh gan chiall ag pleidhcíocht le paeint agus is annamh a bhíonn fiú meas céirde le feiscint. Féach ar an bpraiseach seo:

Íosa Mac Aonghusa! Ba mhaith liom an canna phaeint a shádh i ngob an gheallt a cheap go dtuillfí meas nó kudos as ucht an urlacan amaideach shin. An rud is measa faoi ná gur ar chúl bhealach a deineadh é, áit a bheadh pé am is mian leo pé rud ar mhian leo a chur ar an mballa.

Ach, ní cheart gach píosa Graffiti a cháineadh. Tá duine éigin dárbh ainm 'if' agus tá roinnt samplaí dá 'obair' le feiscint mórthimpeall an bhaile. Seo an ceann is fearr liom fé láthair:
Tá an feileacán in úsáid aige ar iarrachtaí eile chomh maith. N'fheadar an siombail don saoirse í?

Tá an sampla thuas ar balla le cúpla mí anois agus is cosúil nach bhfuil deifir ar Chomhairle an Bhaile é a scrios. An é go ndéantar cinneadh ar bhonn ealaíona? Fiú má scriostar amach anseo é, mairfidh sé go deo anois ar an idirlíon. Sa deireadh thiar thall nach é sin bunspreagadh an Graffiti? Rian phearsanta a fhágaint ar an saol acusan a mhothaíonn nach bhfuil dóthain tionchar nó smacht acu ar a dtimpeallacht sóisialta?

No comments:

Post a Comment