12.9.09

Namhaid an Phobail

Chaitheas cúpla uair inniú ar sráideanna an phríomhchathair ag léirsiú i gcoinne NAMA. D'eagraigh Irish Peoples Union an eachtra ach is ar an mBiorán a chualas faoi. Ní raibh ach 400 i láthair, rud a chuir díomá orm, ach cad is féidir a dhéanamh mura bhfuil lucht na ngearán buartha a dhóthain aon rud a dhéanamh?

Is ar éigin go raibh níos mó na 400 anseo agus féach a thárla ansin! Más tús maith leath na hoibre, is tús fós drochthús. Ar aghaidh go deo go mbeirimid bua!

Bhí sé beagáinín greannmhar na grúpaí eagsúla a fheiscint le chéile agus an sprioc chéanna á lorg acu, ach bhí fear amháin go háirithe as áit go hiomlán.
Cad a cheap mo dhuine nuair a thosaigh RBB ag rá go mba chóir don Stáit a bheith i bhfeighil ar na bancanna? LOL.

Cad a cheap na daoine i Savills faoin slua bheag a bhí béal dorais leo ar feadh leath uair nó mar sin? Ní raibh an cuma air go raibh eagla orthú go mbainfidh Madame Guillotine ó chúl lorraí ar aon nós.

Seo roinnt íomhánna eile ón lá. N'fheadar an mbeidh stampaí á eisiú ag An Post blianta amach anseo ag ceilliúradh tús na réabhlóide?


BrendanG ón mBíorán le culaith Banana air. Lán mharcanna a Bhreandáin!


Sean Brigadista! Adelante! Viva la revolución!


Planet of the Irps!


Iarracht mhaith.

Fillfidh mé Dé Sathairn seo chugainn chun cabhrú le slua an lae inniú a shárú. Bigí ann.

No comments:

Post a Comment