2.3.10

Is liomsa é?

Daoibhse atá i bhur gcónaí in Éirinn ní fhéadfadh sibh ach an fheachtas seo a fheiscint go laethúil ar na meáin uile. Is beag aird a thug mé dó go dtí gur fhoilsigh Hugh Green a thuairim féin.

Cé atá i mbun an fheactais? Máirtín Mac Giolla Íosa, céile ár Uachtarán, atá luaite san alt ó RTÉ thuas agus is cosúil gurb é bun-thobar na meithle. Ach cén fáth go mbeadh Máirtín chomh tógtha le cruachás an náisiún? Nach bhfuil a dóthain le déanamh aige galf a imirt leis na dúnmharaithe agus mangairí drugaí san UDA? Quis Separabit?

B'fhéidir go bhfuil baint éigin le deireadh théarma a bhean atá le tárlú i 2011? B'fheidir go dtaithníonn an teach mór leo agus 'séard atá i www.yourcountryyourcall.com ná tús ar fheachtais thoghcháin. Más ea, is léir go bhfuil roinnt cáirde mór le rá aige agus roinnt acu sásta a n-ainm a chur leis an saothar.  Táid chomh sásta go bhfuil siad tar éis €2mn a chuir ann, agus má fheiceann sibh an fógraíocht, tuigfidh sibh go bhfuil an airgead á úsáid go flaithiúlach acu.

Ón nasc thuas feictear go bhfuil iar cheannaire Banc na hÉireann bainteach leis.  Tá Drury Communications (bunaithe ag cara buan ár dTaoiseach, Fintan Drury) páirteach freisin.  Dála an scéil bhí Fintan úd mar stiúraitheoir ar Anglo ar feadh roinnt blianta freisin.

Ach fan, tá nascanna suimiúla eile ann.  Cé ar leo an URL yourcountryyourcall.ie?
domain:      yourcountryyourcall.ie
descr:       Allied Irish Banks plc
descr:       BODY CORPORATE (LTD,PLC,COMPANY)
descr:       Discretionary Name
admin-c:     AJZ344-IEDR
tech-c:      AJS558-IEDR
renewal:     13-November-2010
FFS!

Hmm.  Le cáirde mar seo ... mar a dheirtear sa Sacs-Bhéarla.

Ní hé seo le rá nach fiú an suíomh.  A mhalairt atá i gceist.  Is ábhar grinn iontach atá ann, cé gur cúis buartha dhom é an oiread amadáin agus oinsigh atá sa tír agus iad lán-sásta a n-oinseachas a léiriú dúinn.

Is liomsa é?  Ní liom. Is le na bancanna é. Maraon leis an rialtas.

3 comments:

  1. Conas a deirtear “cringe-worthy” i nGaeilge? Meascán de “suarach” agus “greannmhar” atá ar intinn agam.

    ReplyDelete
  2. Seafóid atá ann gan aon agó. Níl aon réiteach ar an scéal truamhéalach s'againne ach ruaig a chur ar an rialtas atá toilteanach "cíbe seic atá ag teastáil a scríobh" do na bainc.

    Ar aon chaoi, bhí feachtas áiféiseach mar seo againn cheana, bhí an ceann thíos ann i 2009.
    http://www.ideascampaign.ie/
    Níl aon ghá le ceann nua.

    ReplyDelete
  3. Ceart agat a Dhubhaltaigh. Is dócha go mbeidh comórtais seafóideacha mar seo againn amach anseo go dtí go ndéanann muid uile dearmad ar cé go díreach atá freagrach as ár gcruachás.

    Panem et circenses don 21ú aois.

    Bhíos chun "sorcais gan fir grinn" a rá, ach tá siad ann freisin, má leanann tú an nasc go thuairim iontach Hugh Green.

    ReplyDelete