9.3.10

Seachtain na Gaeilge

Seachtain na Gaeilge buailte arís orainn, ócáid bhliantúil a leanann seachtain go leith i mbliana, de réir dealramh.  Molaim a iarrachtaí Gaeilge breo bríomhar a chur ós comhair an phobail agus tá sé deacair an dea-éifeacht a bhíonn aige ag ardú (no b'fhéidir gurb fhearr caomhnú a rá) stádas na teangan anseo in Éirinn agus thar lear a shéanadh, bíodh is gur deacair b'fhéidir an éifeacht sin a thomhas go cruinn.

Caithfidh mé a adhmáil, cé go bhfuil Gaeilge líofa agam (dár liomsa ar aon nós!), go bhfuil laigeacht i mo chuid Gaeilge ó thaobh na gramadaí de, agus gurb é sin ceann de na príomh-fháthanna gur roghnaigh mé mo bhlagadóireacht a dhéanamh i nGaeilge.  Ó d'fhágas an scoil is dócha, 'séard atá in easnamh ná taithí labhartha agus scríofa agus bainim an-tairbhe as idirghníomhaíochtaí anseo i mo chúinne féin den idirlíon.

Mar sin, is minic a dhéanaim athbhreathnú ar a bhfuil foilsithe agam, agus is annamh nach bhfeicim botún éígin i chuile phost, cé go bhfuil súil agam go bhfuil feabhas éigin le sonrú.  É sin ráite áfach, ag breathnú ar iarracht an lae inné tá ceist gramadaí agam, ag díriú ar an abairt seo:
... tá sé éasca dearmad a dhéanamh gur seomra breise í  é an gháirdín gairdín i rith an samhradh tsamhraidh, agus táimid sásta  í  é a bheith arís againn.
An bhfuil botúin eile ansin a cháirde?  An bhfuil mo cheartúcháín i gceart? Má tá fiche botúin eile ann abair amach iad!

An ceist a bhí agam ná cad ba chóir a úsáid, 'é' nó 'í' sa chás seo:
... tá sé éasca dearmad a dhéanamh gur áis bhreise é/í an gairdín ...
'Sé sin le rá, an bhfuil an 'é/í' ag tagairt do 'áis' nó 'gairdín'?

7 comments:

  1. Tá sé i gceart anois, ar feadh m'eolais ar aon nós (ach amháin dearmad cló amháin: again in áit againn). Tig leat blagmhír a athrú tar éis duit í a phostáil: téigh go “Customize”, ansin go “Posting”, ansin go “Edit Posts”. Déanaim é sin sách minic.

    Maidir le do cheist eile, seasann “é” do “ghairdín”. Is féidir lánstad a chur tar éis “é” agus beidh abairt iomlán agat: “tá sé éasca dearmad a dhéanamh gur áis bhreise é.” (é = an gairdín).

    ReplyDelete
  2. Ba chóir go mbeadh an rogha ar fáil "edit post" a dhéanamh. Tá cuma pinn air, a bhíonn in aice le "comments"
    Bainim úsáid as go minic!

    ReplyDelete
  3. GRMA. 'Sea bainim úsáid as an 'edit post' an t-am ar fad freisin.

    Tuigim an pointe sin anois Dennis. Nílim cinnte cén fáth nár thuig mé níos luaithe é. Ar fáth éigin bhí sé ar m'intinn gur 'áis' a bhí á thagairt le 'é'.

    Seo é m'fhadhb. Gan an taithí labhartha laethúil, bíonn orm macnamh ar na bpointí seo má tá cruinneas mar aidhm agam.

    ReplyDelete
  4. macnamh ar na bpointí seo

    “ar an bpointe” ach “ar na pointí”

    An rud is tábhachtaí ná sruth na habairte, rud atá agat gan dua. Níl sna mionphointí seo ach maisiúchán.

    ReplyDelete
  5. Bheinn féin caillte gan an 'edit post' - is áis iontach í...:-)

    Maidir leis an ‘é/í’ sin, seo míniú a fuair mé féin, geábh, agus an fhadhb chéanna agam le habairt mar seo thíos, mar shampla:

    ‘Ba é an aidhm a bhí le tógáil an tí (ná) áit dheas a bheith againn dúinn féin.’ – ní bhaineann an ‘é’ leis an ‘aidhm’, focal atá baininscneach, ach leis an ‘áit dheas a bheith againn dúinn féin’ atá firinscneach (meastar clásal iomlán a bheith firinscneach, ceapaim) – cibé scéal é, baineann an ‘é’ (fo-fhaisnéis) leis an gclásal ‘áit dheas a bheith againn dúinn féin’ (faisnéis).

    ‘an aidhm a bhí le tógáil an tí’ – ainmní
    ‘teach nua a bheith againn’ – faisnéis
    ‘é’ – fofhaisnéis

    ‘ ... tá sé éasca dearmad a dhéanamh gur áis bhreise é/í an gairdín ...’

    ‘áis bhreise’ – ainmní
    ‘an gairdín’ – faisnéis
    ‘é’ – fofhaisnéis

    Ceapaim!

    Féach, más mian leat, 13.26 agus 13.27 in GGBC, leabhar atá le fáil faoi ‘Cuidiú nó Cruinneas uait’ ar mo bhlag.

    ‘13.27 Ní hé an t ainmní ainmfhoclach ach an fhaisnéis a chinneann inscne na fofhaisnéise forainmní de ghnáth’.

    ReplyDelete
  6. GRMA Áine,

    Níor thugas fé ndeara na áiseanna sin ar do bhlag go dtí seo. Níl cóipcheart ar na leabhair sin, an bhfuil? Is cuma liom má tá, tá siad agam anois ar aon nós! :-)

    ReplyDelete
  7. Fuair mé féin é ar an idirlíon - áit éigin!

    Nílim cinnte faoi chóipcheart, ná na rialacha a bhaineann leis, leis an fhírinne a rá, ach más rud go bhfuil siad le fáil ar an idirlíon...:-)

    ReplyDelete