7.3.10

Tiocfaidh Samhradh agus Fásfaidh Féar

Cé go bhfuil sé fuar fós, tá sé tirim grianmhar agus bhí crónan na lomairí faiche le chloisint timpeall orainn le seachtain bheag anuas.  Is portach cheart í and gháirdín s'againnse agus de ghnáth ní imímid amach ann go dtí deireadh Mí Márta nó Aibreán fiú, ach leis an ghrian ag taithneamh, cuireadh brú orm an féar a bhaint agus an trampoline a shocrú dos na páistí.  Bhí drogall orm, mar de ghnáth, bheadh mé sáite go mhurnán i láib agus salachar (cacamais an mhadaigh san áireamh) ag iarradh é a dhéanamh chomh luath sa bhlian.

Ach iontas na n-iontais, bhí an talamh tirim, cé nach mbaineann an ghrian an drúcht ón bhféar fós, agus tá dea-chuma anois ar an gháirdín agus muid lán sásta na ógánaigh a scaoileadh amach.  I rith an gheimhreadh tá sé éasca dearmad a dhéanamh gur seomra breise é an gairdín i rith an tsamhraidh, agus táimid sásta é a bheith arís againn.

Agus mé ag trácht ar chúrsaí gharraíodóireachta, tá ceist agam oraibh.

Is aoibhinn liom cumhracht chumhachtach an aitinn agus de bharr sin, bhailigh mé roinnt síolta ón thimpeallacht ag deireadh an tsamhraidh seo chaite.  Chuireas sa gháirdín iad ar nós go mbeadh claí bheag agam ós comhair an tí.  Bhíos ag súil go dtagadh fás éigin anuraidh, ach níor tháinig.  Tá cúpla ghais ag teacht aníos i mbliana, ach táid fíor bheag fós, níos lú ná 10cm go dtí seo.  Cheapas go dtagadh fás fíor-thapaidh orthú agus go mbeadh fadhb agam smacht a choimeád orthú, mar timpeall ar bhóithríní amach fán dtuath in aice linne, táid go h-iomlán i réim.  An é b'fhéidir nach n-oireann an cré atá agam dóibh, nó an gnáthach an tús mall seo?  B'fhéidir freisin gur thóg mé na síolta ró luath ó na claíthe?  Fáilte roimh ghach chomhairle.

4 comments:

  1. Is cosúil go bhfuil an t-aiteann ró-chompórdach abhus anseo. Is Class B Noxious Weed é sa stát seo, agus i gCalifornia, in Oregon agus i Hawai'i chomh maith.

    Imeoidh a dtiocfaidh is a dtáinig riamh
    Ach ní imeoidh na grásta ó Dhia;
    Imeodsa is tusa as an áit seo
    Is beidh an t-aiteann ag fás 'nár ndiaidh.


    :-)

    ReplyDelete
  2. Sin é go díreach Dennis. Ní raibh mé ag súil in aon chur go mbeadh moill ar an dteacht aníos. B'fhéidir nach bhfuil in easnamh ach foighne?

    ReplyDelete
  3. http://www.pfaf.org/database/plants.php?Ulex+europaeus

    ReplyDelete
  4. GRMA Míshásta.

    Níor dhéan mé ach na síolta a bhaint agus a chur sa talamh anuraidh. Tá na treorach ansin i bhfad níos casta - tá ionadh orm gur fhás aon rud! Bainfidh mé trial eile as i mbliana ag leanúint na treoracha sin.

    ReplyDelete