18.11.10

¿Cómo se dice 'corralito' en Irlandés?


Tá taithí agam ceartúcháin ar mo chuid Gaeilge a fheiscint sna tráchtanna (go raibh míle maith agaibh, Dennis agus Aonghus go háirithe!) agus táim cinnte go bhfuil i measc a léifeas an sliocht seo daoine a bhéas in ann aon botún Spáinnis san teideal a cheartú, chomh maith le tuairim a thabhairt ar cén Ghaeilge ab oiriúnaí chun an focal úd 'corralito' a aistriú.

Ní hé go bhfuil mé ag iarradh teanga nua a fhoghlaim ach gur cuireadh an cheist cheanann chéanna le déanaí ar an mBiorán, anseo.

'Séard a bhí sa 'corralito' ná srianta a chur rialtas na hAirgintíne ar shaoránaigh a airgead féin a thógaint ó bainc chun a chinntiú nach ndíscítí go hiomlán iad (na bainc, dár ndóigh - cuma sa tsioc faoin phobail!) de bharr an easpa muiníne a bhí iontu ag an am.  Gan móran eolas agam ar chúiseanna géarchéim na hAirgintíne 10 mblian ó shin, nílim chun léacht eacnamaíochta a thabhairt ar chén fáth go mbeadh gá againn le Gaeilge a chur ar 'corralito' ach má tá suim agaibh sa cheist molaim daoibh uair nó dhó a chaitheamh ag léamh snáith nó dhó thall ansan.

Rinne Dubhaltach trácht d'Aill na Searrach inar chaoin sé nós na n-eachtrannach ainmneacha seafóideacha a chumadh d'áiteanna lena bhfuil seanchas agus traidisiúin ársa ag baint leo cheana féin.  Aontaím go huile 's go hiomlán leis ach fós bhéinn sásta ainm nua a chur ar an aill úd ársa féin.  In ionad Aill na Searrach, mholfainn Aill na nAirí a ghaloch air.  Ach cad a chaithfí caitheamh ón aill úd chun an baistiú a chur i gcrích ...


12 comments:

  1. No estoy seguro.

    An ionann corralito agus claí/fál bheag?

    Fáltanas, mar sin ;-)

    Maidir leis na hairí a chaitheamh le haill, níl iontu ach an dream atá os comhair an phobail. Na baincéirí agus na maorlathaigh san Roinn Airgeadais atá ciontach as an bhfaopach ina bhfuilimid. Tá sciar ana bheag de na baincéirí curtha amach ar féarach (ar pinsean ard), ach go bhfios dom níl aon duine de na maorlathaigh briste as a phost.

    Die Kleinen hängt man, die Großen lässt man laufen...

    ReplyDelete
  2. Ní uasal aon uasal ach sinn a bheith íseal, a Aonghuis.

    Ach aontaím leat, ní na airí amháin gur gá deileáil leo, ach mar a dheirtear, tús maith ...

    An brí a bhí i gceist ag muintir na hAirgintíne le 'corralito' ná'n cruib bheag imirthe a bhíonn ag leanaí chun iad a choimeád in aon áit amháin agus iad ag imirt. Tá cruib súgradh ag focal.ie air, ach tá súil agam go bhfuil Gaielge níos ealaíonta ann.

    ReplyDelete
  3. Dean dearmad ar an moladh sin.

    Aontaím leat go bhfuil leagan eile uainn, leagan a chuireann an drochmheas atá ag na boic móra orainn in iúl mar a chuireann corralito.

    ReplyDelete
  4. Maidir leis an Airgintín agus a gcliseadh geilleagrach; más mian leat blaiseadh a fháil ar cad, b'fhéidir, atá i ndán dúinn mholfainn breathnú ar an scannán seo:
    http://www.youtube.com/watch?v=rH6_i8zuffs

    ReplyDelete
  5. Cad faoi rud simplí amhail "cró"

    ReplyDelete
  6. Tús maith, ach níl an seanbhlas ceart ag dul leis.

    Tá "CRÓ CAOLAIGH, a wooden cage or prison; a trap;" ag Dinneen, agus cró cuinn ar Éireann.



    (féach anseo)

    ReplyDelete
  7. Cró caolaigh - sin smaoineamh maith.

    ReplyDelete
  8. Maidir leis an gceist i Spáinnis, séard a deirtear ná

    ¿Cómo se dice X en Irlandés?

    Bainimid úsáid as an bhfocal “corral” mar bhriathar abhus anseo: got their savings corralled

    ReplyDelete
  9. Tá sin rud beag cróálach, nach bhfuil?

    ReplyDelete
  10. gabhann [ainmfhocal firinscneach den chéad díochlaonadh]
    póna; loc, log; géibheann.

    Sin focal nach raibh agam, go raibh maith agat.

    Ná raibh cró folaigh ag an dream a d'fhág sa ghabhann seo muid!

    ReplyDelete