19.11.10

Dialann nua.

An bhfuil éinne in ann moladh a thabhairt dom cá bhfaighfinn dialann póca don bhliain seo chugainn.  Fé láthair tá An Dialann Stáit 2010 agam agus táim lán sásta léi ach ní fheicim ceann don bhliain atá le teacht ar díol fós.

Dár ndóigh, is táirge Éireannach atá uaim,  mar is annamh go mbeadh gá agam le léarscáil  de Londain agus is cuma sa tsioc liom faoi bhreithlá na banríona i Sasana, nó aon banríon eile.

N'fheadar an mbeidh Dialann Stáit foilsithe i mbliana in aon chor agus má tá an mbeidh cruit uirthi nó b'fhéidir suaitheantas an IMFF ina áit?

4 comments:

  1. Bainim féin úsáid as an "néal" le haghaidh rudaí mar sin. Is fada ó bhreac mé aon rud ar phár!

    Ach cinnte, anois leis an IMF i gcumhacht is fada a fheicfear a leithéid arís.

    ReplyDelete
  2. Ceist mhaith. Bíonn dialann “chrua” ar mo dheasc i gcónaí agus nuair a bhí mé sa siopa leabhar tráthnóna inné chaith mé súil ar an rogha a bhí acu. Ní bhfuair mé an ceann “ceart” ansin.

    ReplyDelete
  3. Tuigim go díreach cad tá i gceist agat Dennis. Domsa, caithfidh na dátaí tabhachtacha Éireannacha a bheith ann, chomh maith le eolas agus mionsonraí úsáideach dom anseo in Éirinn. Bhíodh rogha mór in Easons tráth dá raibh, ach anois is Dialainn ó Shasana don mórchuid atá acu.

    @Dubhaltach: Níl mo shaol go hiomlán 'sreangaithe' fós agus ní bheidh is dócha go dtí go mbíonn WiFi saor ar fud na tíre. Go dtí sin, is maith liom an dialann póca.

    ReplyDelete
  4. Seo an ceann is deise atá aimsithe go dtí seo agam. Fágfaidh mé seachtain nó dhó eile chun a fheiscint and mbeidh mé in ann teacht ar an Dialann Stáit, ach muna bhfuil, seo an ceann a chéannnóidh mé.

    ReplyDelete