12.11.10

Nollaig ar ceal.

Mar is gnáth sa tír seo, níl macalla Oíche Shamhna ciúnaithe sula gcloistear cloigíní aoibhinn na Nollag.  Ach i mbliana tá'n ceiliúradh chinn bliana i mbaol de bharr an géarchéim atá buailte anois orainn.  Chuala mé ráflaí inné go raibh Daidí na Nollag gortaithe go dona in ionsaí agus tá sé fé láthair in aonad dianchúram.  Go dtaga biseach air chomh tapaidh agus is féidir agus go mbeirtear ar an gcoireach síceapatach atá freagrach as an ionsaí (agus an aonad dianchúram chomh maith) más fíor an pictiúr thíos.  D'aimsíos ar an idirlín é, caithfidh go bhfuil sé fíor.


4 comments:

  1. Caitheadh uibheacha is cáis ar a carr inniu.

    ReplyDelete
  2. Gabh mo leithscéal, ach cé hí an bhean seo? Abhatár mhargadh na mbannaí?

    ReplyDelete
  3. Mary Harney, an tAire Sláinte & Leanaí

    peictiúr iontach! an-greannmhar

    ReplyDelete