25.2.11

Lá na cinniúna.

Amárach an lá mar sin.

Tá na léinte gorma chun an fód a sheasamh arís i gcoinne an tsean-namhad.  Tá gach cosúlacht go mbeirfidh siad an bua ach is minic roimhe seo gur theip orthu fiú nuair a cheap an saol mór go raibh leo.  Feicfimid amárach an bhfuileadar ar deireadh réidh chun ualach an bua a iompar le dínit agus dúthracht.  Mar dhuine atá i ndiaidh iad a leanúint leis na blianta anois, táim amhrasach fós go mbeidh meangadh orthu tráthnóna amárach ach feicfimid.

Feicfimid.

Anocht is féidir fós a bheith dóchasach, dóchasach fiú in aghaidh taithí crúalach na mblianta.  Dóchasach go bhfuil fáinne geal an lae romhainn amach, dóchasach go dtiocfaidh samhradh agus go bhfásfaidh féar, go dtiocfaidh duilliúir ar bharr na gcraobh.

Feicfimid.

Léinte Gorma Abú!


Áth Cliath Abú!

6 comments:

  1. áhahá, asg.

    Maith thú a chara!

    Ach!

    Cheap mé gur Cille Mhantáineach thú?!

    Nó is prólatáireach thú a bhog ó dheas? ;)

    ReplyDelete
  2. Sin é a Dhubhaltaigh. Is deoraí mé ar imeall an pháil.

    ReplyDelete
  3. Bhí Cill Mhantáin riamh lasmuigh den Pháil - ach is iomaí Jeaicín fearacht mise atá ar deoraíocht ann.

    Cliste. Nílim tógtha leis na léinte gorma eile, a bhfuil an cuma air go bhfuil cóir na gaoithe leo.

    ReplyDelete
  4. Táim díreach ar ais ó iomaíocht mhór an lae agus tá an ceart agat a Aonghuis. D'éirigh leis na léinte gorma bob a bhualadh ar na yerras, cé nach raibh ach cúilín amháin eatarthu ar deireadh.

    Dubs abú!

    Anois chun aird a dhíriú ar an toghchán ...

    ReplyDelete