17.4.11

Fear lasta lampaí.

Táim fós i mbun ullmhú do scrúdaithe agus iarracht á dhéanamh agam dul i ngleic le fhilíocht Ghaeilge na linne seo.  Tá sé náireach dom a thuiscint an méid a bhfuil dearmadta agam ina leith le blianta fada anois agus níl sé chomh éasca teacht aniar air arís, gan na leabhair scoile agus múinteoirí cróga a bhíodh agam mar ghríosadh chun oibre.

Ar aon nós, táim im' aonair anois, gan ach an idirlíon iomlán mar chuidiú dom.

'Séard atá mé ag iarraidh a dhéanamh ná cleachtadh a dhéanamh ar dánta ainfheicthe a mheas.  Dé ghnáth bíonn na dánta seo réasúnta simplí (páistiúil fiú) mar is dócha go mbeadh sé beagaínín crua 'Cúirt an Mhean Oíche' a chaitheamh amach ar na mac léinn bochta, gan coinne acu leis.

Mar chleachtadh mar sin, seo an dán a chonaic mé ar maidin agus faoina bhun an míniú atá agam air.  Cad a cheapann sibh - an bhfuil ciall ar bith lena bhfaca mé ann? Nó an bhfuil mé ag cuardú brí nach bhfuil ann? 

Fear Lasta Lampaí

Ní raibh sé mór an fear,
Níor dheas a bhí ach gránna
Is cóip an bhaile mhóir,
Ag fonóid faoi gan náire.
Ach ghluais gan mhairg fós
Is ar chuallí chuaigh in airde.
Ba dhraíodóir an fear beag,
A raibh solas ina ghlaic,
É ag tabhairt na gile leis,
Ó lampa go lampa sráide.

le Máirtín Ó Díreáin.

'Séard atá sa dán sei ná plé ar ról an fhile san sochaí.  Is dóha gur siombal dó féin and fear lasta lampa.
Ní raibh sé mór an fear,
Níor dheas a bhí ach gránna.
Tá a fhios againn gurb fhathach d'fhear an Díreánaigh agus is féidir a ghlacadh nach bhfuil sna líntee seo ach cur i gcéill, nó soieft fileata, chun ábhar an dáin a cheilt orainn, sa tús ar aon nós.

Feictear ansin slua an bhaile mhóir, scata mhór páistí neamhthuisceannacha ag magadh faoin bhfile bocht agus é i mbun a chéirde agus is dócha go seasann an slua seo don phobail i gcoitinne, nach bhfuil meas acu ar an fhiliíocht nó ar na healaíonta eile.
D'ainneoin an magadh maslach, leanann and fear lasta lampaí leis "gan mhairg" agus is ansin a nochtaítear an mheas atá ag an bhfile dó
Ba dhraíodóir an fear beag,
A raibh solas ina ghlaic,
Dár ndóigh is ghách don solas a úsáid mar siombal don eolas nó don léann agus léirítear tábhacht obair an fhile trí é a chur i gcomparáid le scaipeadh solais.  D'fhéadfá a rá freisin gurb é cúis rí rá an tslua ná go dtuigtear dóibh go bhfuil draíocht ag baint le hobair an fhir, cé nach dtuigeann siad an obair féin agus nach téama uilíoch é seo i measc na n-ealaíontóirí?

6 comments:

  1. "Cad a cheapann sibh - an bhfuil ciall ar bith lena bhfaca mé ann? Nó an bhfuil mé ag cuardú brí nach bhfuil ann?"

    Ní féidir liom d'anailís a chur in aghaidh. Tá ciall mhaith leis sin. Aontaím leat gur téama uilíoch é ná míthuiscint an tsaoil mhór.

    Mheas mé chomh maith: saghas eile giniais, an oibre nó sclábhaí (ó dhearcadh sóisialach), an bás (cé go mbeadh sé sin cuibheasach casta).

    Ciallú eile ná is é Dumbledore... ;^)

    ReplyDelete
  2. GRMA - Is minic go ndéanann sé smaoineamh ar an mbás dár ndóigh, cé nach bhfeicim anseo é.

    Níor smaoinigh mé ar anailís Marxach a dhéanamh air, ach níor chuala mé riamh go raibh an Díreánach ina phincó! B'fhéidir gur lasadh tinte na réabhlóide i mbrosna an phroletariat atá ar siúl ag an fear lasta lampaí?

    ReplyDelete
  3. Nach dána an mhaise duit é, do chuid obair bhaile a thabhairt dúinn!?
    ;-)

    Níl aon locht ar d'anailís. Treise leat!

    ReplyDelete
    Replies
    1. Anonymous28/5/12 17:15

      Homogneaseach :)

      Delete
    2. Anonymous6/1/13 21:09

      ahahahaha tá tú an ghreanmhar :L Is maith liom uachtar reoite!!

      Delete
  4. Anonymous15/4/13 17:42

    Go raibh míle maith agat. Dar liom is dán maith é seo!

    ReplyDelete