2.9.11

Ar ais arís.

Ní hé gur stad mé ag blagadóireacht, ach lá amháin thug mé fá ndeara nach raibh aon rud scríofa agam le seachtain nó dhó.  Lá eile thug mé fá ndeara nach raibh aon rud scríofa agam le mí nó dhó. I ndiaidh bearna mar sin, shíl mé gur b'fhearr rud éigin ciallmhar nó cliste a bheith le rá agam sular thosaigh mé arís.  Ach níl fós, in ainneoin an aiséirí seo.  Feicfimid amach anseo an leanfaidh mé leis ar chor ar bith ach ar a laghad caithfidh mé lá nó dhó ag léamh na blaganna ar a rinne mé staonadh orthu ar feadh an tsamhraidh.  Is dócha go mbeidh dóthain ábhair spreagadh iontu chun mé a tharraingt isteach arís i gcomhluadar na nGael ar an nGréasán.

3 comments:

  1. Is maith an rud malairt caitheamh aimsire ó am go chéile! Agus is sláintiúil an rud staonadh.

    Fáilte ar ais mar sin féin.

    ReplyDelete
  2. Staon mé féin ón bhlagadóireacht le tréimhse ach ní mar gheall ar easpa ábhar le plé, ach toisc go raibh/bhfuil an iomarca le plé ann...
    Dá dtosóinn n'fheadar an bhféadfainn stopadh!

    ReplyDelete
  3. Sceith leat mar sin! Cén dochar do smaointe a roinnt?

    ReplyDelete