10.9.11

Witches in the Wood.

Seacht nó ocht mbliana ó shin, oíche fliuch fuar nuair a bhíomar go léir sa bhaile tháinig gadaí isteach sa teach agus bhreith sé leis mála le deirfiúr mo bhean.

Bhí sí i ndiaidh filleadh ó BhÁC tar éis lá siopadóireachta don teach nua a bhí ceannaithe aici lena fear.  Faraor, bhíodh (agus tá fós) súil ar leith aici don saghas troscáin a n-oireadh di agus ar an lá áirithe sin, níor thangadar ar aon rud ar b'fhiú dóibh a cheannacht dár leo agus de bharr sin, bhí na céadta euro sa mála aici, chomh maith le ceamara agus dár ndóigh gach saghas mion rud pearsanta is iondúil a bheith i mála mhnaoi.

Agus muid inár suí sa seomra suite agus beirt páiste óga ag rith mór thimpeall an tí, bhí an Casaoideach* ag feitheamh orainn sa chúlgháirdín, ag faire isteach orainn go bhfaigheadh sé deis a bhirt.  Bhí sé i ndiaidh taobhgheata an ghairdín a bhrú agus na maidí adhmad a tharraingt óna chéile, le scriúire b'fhéidir, sa chaoi is go raibh sé in ann an bolta a oscailt chun é a scaoileadh isteach. Níl a fhios in aon chor againn cé chomh fada is a bhí sé ann ach le solas na maidine bhí lorg a gcos soiléir i láib an phortaigh a bhíonn againn sa gheimhreadh mar fhaiche.

Ar deireadh, caithfidh gur chinn sé ar an iarracht a dhéanamh ar feiceáil dó go rabhamar go léir in aon seomra amháin agus nach n-aireadh muid éinne ag buaileadh isteach sa chistin.  Bhí an mála úd ar úrlar an chistin gar go leor le chúldoras an tí, ach fós, bheadh air a bheith sciobthe, mar nach fearr sciobadh a bheith sciobthe? Leag sé lámh ar an ndoras agus biongó - ní raibh sé fé ghlas!  Isteach leis agus amach leis in aon anáil amháin agus síos chun páirc spraoi na leanaí leis chun luach a shaothair a mheas.   Is dócha nár chreid sé nuair a d'oscail sé an mála an taisce a bhí aige.

Tamaill beag níos déanaí agus an lánúin ag filleadh ar Phort Láirge dóibh a thosnaíomar ag cuardach an mhála.  Ó bhun barr an tí ní raibh a rian de.  Ceistiú agus diancheistiú ar na leanaí (ar m'iníon i ndáiríre, mar is fear bheagáin focail mo mhacsa, nach scaoileadh le rún fiú dá dtuigeadh sé cad ann é). An bhfaca siad an mála? Ní fhaca. Mura bhfaca, cad a rinneadar leis mar sin?  Faic.  Cá raibh an mála nuair nach raibh sibh ag déanamh aon rud leis mar sin?  Bhí milseáin againn don té a aimsíonn an mála, mar dhea, ach b'shin an cleas ba chlistí a bhí againn agus níor ghéilleadar ná cuma air go ngéillfeadh.  B'fhéidir nach raibh a fhios acu?  Cá bhfuil an mála mar sin.  An raibh éinne eile sa teach.  Lámh leagtha ar an gcúldoras agus chonacamar nach raibh sé fé ghlas.  Amach sa chúl linn agus an geata brúite tugtha fá ndeara againn.  In ainm Chroim!  Tá bastún éigin i ndiaidh gadaíocht a dhéanamh agus muid inár suí sa teach.  Glaoch curtha ansin ar na Gardaí agus nuair a thangadar amach chugainn is ansin a chuireamar aithne don chéad uair ar chlú agus cáil an Chasaoidigh.

Tháinig a athair agus an clann iomlán chun baile am éigin sna luath nóchadaí, tamaill fada roimh theacht mo chlann féin chun cónaí ann agus cé go raibh fadhbanna ann sa tosach, ó shin i leith bhíodar ciúin go leor.  An scéal a bhí ann ná gur mangaire drúgaí ó BhÁC an athair a bhí i ndiadh éirí as agus sásta a bheith ar scor cois trá, b'fhéidir chun éalú ón gcríoch a thagann dona leithéidí minic go leor.  Chaith na Gardaí cúpla mí ag faire ar an dteach i ndiadh círéib bheag a tharla nuair a ionsaigh carr lán de stócaigh láidre an teach le bataí agus le brící ach i ndiaidh an eachtra sin, ní raibh aon deacrachtaí leo.

Faoin am seo ní rabhamar sa bhaile ach le seal bheag blianta agus ní raibh aithne againn ar na mionsonraí seo, ach in ndiaidh oíche na gadaíochta níorbh fhada dos na Gardaí muid a chur ar ár n-eolas.  Bhíodar cinnte gurb é an Casaoideach Óg ba chúis leis agus é gan a bheith ach ag cónaí cúig nóiméad ón áit, ach ní raibh faic go bhféadfaí a dhéanamh faoi.   Dár ndóigh d'inis na comharsain an chuid eile den scéal dúinn.  In ainneoin an tseanleaid a bheith ar scor, bhí an Casaoideach Óg sáite go scórnach i Heroin.  Caitheann sé sé mhí anseo, bliain ansiúd fé ghlas agus nuair atá sé saor, ritheann sé trín bhaile ag goid agus ag réabadh leis, go dtí go mbeirtear arís air agus ar ais arís sa charcair leis.  Deirtear go mbíonn a fhios ag daoine cathain a mbíonn sé saor, mar go dtagann borradh (más shin an focal ceart) ar thionscadal gadaíochta an bhaile.  Bíonn sé ós comhair na cúirte sa nuachtán áitiúil go rialta i measc na tiomáinithe ólta, tiomáinithe gan cháin, tiomáinithe a rinne 102km/h ar an seachbhóthair agus gach mioncoirpeach agus oilghnímhí eile sa bhaile.

I ndáiríre is ar éigin go mbeadh fear amháin ábalta gach uile rud atá curtha ina leith a dhéanamh agus níl aon amhras go bhfuil céad nó dhó eile de juncaithe agus zombaithe ag crochadh timpeall an bhaile agus gach ceann acu réidh agus ullamh chun aon rud a dhéanamh chun a mianta doshásta a shásamh.

Inné chuala mé go raibh an Casaoideach i ndiaidh cuairt a thabhairt ar ár gcomharsan béaldorais.  Chualamar an madra ag tafann ach bíonn sé ag tafann an t-am ar fad agus ní haon rud as áit é sin.  Ar aon nós, bhuail na Gardaí isteach orainn aréir ár gceistiú faoin gcás.  Ní raibh éinne sa teach inné agus rinneadh scrois cheart de sa chuardach agus b'fhéidir gur fhág an bastún rian éigin a chrochfas arís é, ach fiú mura fhaigheann siad an t-am seo é, ní fada go mbeidh sé sa nuachtán arís le scéal suarach seafóideach eile aige.

Tá a leithéidí de Larry Murphy, Bertie Ahern, An Casaoideach Óg, Seánie Fitzpatrick srl. inár measc ag scrios agus ag réabadh mar is mian leo.  Dochar thar cuimse á dhéanamh acu mar níl ciall nó mearbhall acu ar an bhfuath agus sceon a chothaíonn siad i gcroíthe an phobail.  Is dócha gur cuma leo.  Tá na drúgaí, an tsaint, an máchaill intinne, máchaill morálta nó pé rud é i ndiaidh iad a dhallú.  Tá na daoine seo briste.  Thóg sé triocha bhliain nó níos mó iad a bhriseadh agus dár liom féin is obair na nglún cúrsaí a chur ina gceart leo agus lena leithéidí.  Níos faide fós b'fhéidir, mura bhfuil comhaontas ann ar conas go mba chóir tús a chur fiú ar mheitheal ár leasa.

Ar deireadh níl sna daoine seo ach púcaí.  Púcaí a chuireadh eagla ar pháistí tráth dá raibh, nuair a cheapadh gur maith an rud é páistí a smachtú le sceon, bagairt agus eagla.  Ar nós Keyser Söze na gCoirpeach sa scannán cáiliúil.  Dár ndóigh tá siad beagáinín níos scanrúil ná sin, mar go bhfuileadar inár measc, seachas inár scéalta.  In ainneoin an scanradh seo áfach, caithfimid marachtáil leo, agus sin m'ábhair buairte inniu.  Tá na bastúin seo inár measc.  Caithfimid ár saolta, ár gceantair, ár mbailte a roinnt leo.  Ach cad is féidir a dhéanamh ar a son?  Cad is féidir a dhéanamh leo?  Cad is féidir a dhéanamh fúthu?

Níl meas na muice agam orthusan a screadfadh "Crochtar iad agus caith uainn an t-eochar!" mar níl ansin ach freagra gan smaoineamh ar cheist nach féidir a réiteach gan é.  Ach má aithním amaideacht an bhfreagra sin, nílim ag maíomh go bhfuil freagra níos fearr de mo chuid féin agam.  N'fheadar an leor imeacht i bhfolach inár dtithe ag cuardach an Idirlín do cheamaraí ciorcaid dhúnta ag braith orthu muid a choiméad slán ó na púcaí?
Witches in the wood,
Trees soaked in blood,
Larry Murphy, Larry Murphy,
Up to no good.
 Dár ndóigh is beag is fiú ceamaraí i gcoinne bréaga agus mailís Ahern agus Seánie.
* Dár ndóigh ní Casaoideach an fear úd in aon chor.  Tá cearta fós aige, fiú má aithneodh éinne ó mo bhaile cé faoina bhfuil mé ag caint.

4 comments:

  1. @ nílim ag maíomh go bhfuil freagra níos fearr de mo chuid féin agam.

    Nílimse ach an oiread...

    ReplyDelete
  2. Píosa ana mhaith: agus níl freagra agamsa ach oiread, ach aontaím leat gur saonta (ar a laghad) an dream a chreideann go leigheasadh crochadh an scéal.

    Ach creidim gur gá tús a chuir le hobair na nglúin - agus oideachas cheart an eochair, dar liom.

    ReplyDelete
  3. Dá mbeadh sibh in bhur gcónaí i dTexas, is dócha nach mbeadh do dhuine beo fós.

    ReplyDelete