22.12.11

Cóisir Chinn Bliana

An lá deireanach scoile inniu agus beidh cóisir ranga acu. Nach aoibhinn beatha an scoláire? Thainig an scéal abhaile aréir go raibh cead acu a éadaí féin a chaitheamh ar an lá agus nach deas dóibh é sin anois is arís. Ar maidin bheartaigh sí féin ar chulaith Oíche Shamhna a chaitheamh, nó 'Cinderella Slave Girl Dress' mar a thugann sí féin air. 

"A mhúirnín, ní féidir leat é sin a chaitheamh - cad a dhéarfas do mhúinteoir nuair a fheiceann sí sin?"
"Dúirt sí go raibh cead againn ár éadaí féin a chaitheamh!"

"Ach ní sin a bhí i gceist aici. Is tusa a an t-aon duine a bhéas gléasta mar sin. Cad atá tú chun a rá nuair a iarann príomhoide ort cé a thug cead duit gléasadh mar sin?"


"Tá mé chun a rá gur thug tusa cead dom."

"!"

Seo mar a chuaigh m'iníon ar scoil ar maidin mar sin. Níor fuaireas glaoch uathu fós ag gearán, ach é sin ráite, tá an guthán múchta agam ar eagla na heagla. 

Luaithríona an Sclábhaí

3 comments:

  1. Arrah, tá an gúna sin go deas! Sainiúil. Beidh sí togha.

    ReplyDelete
  2. Maith thú, a chailín! Rogha mhaith!

    ReplyDelete
  3. An-rogha, a chailín : modhúil, sach te, le dath deas - céard é an fadhb? : )
    An- phraiticiúil.
    Tá a nintinn féin acu, nach bhfuil!?
    Cá bhfaigheann siad na smaoineamh sin... níl cliú ar bith agam.

    Beidh an intinn laidir neamhspléach, cruthaitheach sin mar socmhainn iontach lá éigin. Is maith an rud é go bhfuil a smaoineamh féin aice!

    ReplyDelete