13.12.12

Col ceathrar.

B'fhéidir go bhfuil mé dúr, ach níor smaoiníos riamh ar an gceist seo a leanas. Anois agus mé ag macnamh air, nílim ábalta é a oibriú amach in aon chor. Anois, táim tuirseach traochta an tráth seo seachtaine, gan trácht ar an dtráth seo bliana agus bheinn buíoch as an t-idirlíon mo leisce a mhaithiú dhom agus a mhíniú (lé léireáid más gá), cé go díreach iad an ceathrar atá i gceist nuair a dhéantar trácht ar chol ceathrar? Tá's agam cad is brí le col seisear, ach arís cé hiad an seisear?

6 comments:

  1. Col = caidreamh.
    Ceathrar idir tú féin 'is mo dhuine.

    ReplyDelete
  2. 'dtuigeann tú?

    Mise /\ Tuismitheoir (céim 1) Tuismitheoir /\ Seantuismitheoir (céim 2) Seantuismitheoir \/ Tuismitheoir (céim 3) Tuismitheoir \/ col ceathrar (céim 4).

    ReplyDelete
  3. Tuigeann. Go raibh maith agat. An simplí nuair a chuireann tú mar sin é.

    ReplyDelete
  4. Fáilte romhat :) Oibríonn sé do chuile cheann acu (seisear, ochtar srl)

    Ní thuigfidh mé córas an Bhéarla go deo!

    ReplyDelete
  5. ASG. Dár ndóigh an chéad rud a rinne mé ná an córas a sheiceáil le col seisear agus bingo! GRMA arís.

    ReplyDelete
  6. Col beirte~: tú féin & do dheartháir nó deirfiúr.

    Córas thar a bheith loighciúil le hais "second cousin once removed" an Bhéarla. (col naonúr más cruinn mo mhata?)

    ReplyDelete