7.4.14

Fadhbh as Deich.

Thugamar cuairt ar Amharclann na Mainistreach Dé hAoine seo caite chun léiriú ar 'Sive' le John B. Keane a fheiscint. 'Sé an chéad uair riamh dúinn a bheith istigh ann, ainneoin laethanta & tráthnónta a chaitheamh trasna an bhóthair sa Flowing Tide le blianta, roimh cluichí móra de ghnáth.  Bhíos an-tógtha leis an amharclann féin, lena fána ghéar sa chaoi is go bhfuil radharc den scoth agat ar an stáitse, cuma cá bhfuil tú id' shuí.

Fána ghéar Ealaíona.
Chothaíodar atmaisféar iontach leis an seit, fiú agus muid inár suí thuas sna harda, le grua gharbh na sléibhe ag crochadh go bagartach thar tigín feirme muintir Shadhbh.  Bhí taobh thall na sléibhe gorm agus liath, ann gan a bheith ann, ag tabhairt le fios go raibh saol eile lasmuigh den seomra amháin ina dtarlaíonn an scéal.  Chuir an ceol go mór leis an atmaisféar seo agus míreanna mearaí na tragóide á thógáil, go minic agus an stáitse go hiomlán i ndorchadas agus radharcanna á ullmhú. Sa dorchadas seo ní raibh againn ach an ceol caointeach truasmaointeach chun dubhagán éadóchais Shadhbh féin & Liam Scuab a léiriú.

Bhí gach rud ullamh mar sin chun scéal truamhéalach saol óg loite ag saint a sinsear a leagadh amach, ach ní mar sin a bhí.  Thosaigh an chéad radharc le Míne & Mamó in adharca a chéile a chur ceann de mhór-theannais an dráma ós ár gcóir go han-éifeachtach ar fad.  Cé gur chaith an bheirt mallachtaí siar is aniar ar a chéile, bhí greann sna focail, greann a chloistear is dócha i gcistiní ó cheann ceann na tíre, greann le faobhar, greann a ghearradh.  Mar a leathnaíodh an scéal, tháinig Sadhbh chun stáitse mar chailín óg aerach, spraoiúil soineanta agus dall don mhórchuid don aighneas idir Míne & Mamó.

Más tús maith leath na hoibre áfach, ní ach léath na hoibre é. Mura gcuirtear an leath eile i gcrích, ní fiú faic é. Fad is a lean an scéal, go háirithe nuair a tháinig Tomáisín Seán Rua isteach ann, shleamhnaigh cúrsaí an iomarca i dtreo an ghrinn.  Is fada ó léigh mé an dráma, agus ní fhacthas riamh ar stáitse é, ach is tragóid a bhí ann nuair a léigh.  Ba bheag nár panto a bhí againn anseo áfach.  Tomáisín ba chúis don mhórchuid le seo dár liom.  Cantalán d'amadán, santach, nimhneach glic a bhí le bheith ann dár ndóigh, agus bhí, ach an iomarca idirghníomhaíocht leis an lucht féachana, ag caochadh súile linn beagnach, chun muid a tharraingt isteach ina gcuid chomhcheilge le Míne, Maidhc & Seán Dóta.  Faoi dheireadh ní bheadh 'He's behind you!' as áit agus bhí dóthain cailligh ólta i measc an lucht féachana go raibh ionadh orm nach raibh.

Ait go leor, is iad Peaits Bacach & a mhac Cartalán a sheas amach.  Bhíodar ar fheabhas ar fad agus cé gur éalú ghrinn a bhí mar pháirt acu don mhórchuid, rinneadar a gcuid ar shlí a bhí dílis don scéal, agus ní raibh locht dá laghad ar an mbeirt acu nach raibh dáiríreacht á léiriú sna páirteanna eile. Thugadar a n-Almighty Besht ó thús deiridh,

Más rud é go raibh locht leis an stiúrthóir as ucht iomarca a dhéanamh de fhéith ghrinn i bhfocail Keane, bhí mí-iompar de chuid den slua náireach.  Daoine ag teacht & ag imeacht, gutháin ag splancadh (agus ag clingeadh fiú uair amháin!), gáire mhí-oiriúnach as áit, agus mar bharr ar an iomlán, focaire ceart a rinne fead a' mhadaidh nuair a tháinig Sadhbh ar ais gléasta chun pósadh.  Bhí trua agam do na haisteoirí agus ionadh orm gur ghlacadar leis, ach n'fheadar an é seo an taithí a bhí acu ó thús?  Más ea, caithfidh go dtuigeann siad gur iad féin atá ag mealladh an bhastúnachais seo lena míléiriú neamh-dáiríre?

Ag deireadh, bhí ciúnas mhíchompordach ann - an tragóid millte ag an ngreann - agus gan a fhios ag an lucht féachana gáire no gol.  Rinne Mamó & Liam an-iarracht cúrsaí a chur ina gceart, ach bhí an dochar déanta i bhfad roimhe sin.  An-díomách ar fad, ach an raibh an milleán ar an bhfoireann aisteoireachta nó ar óinsigh míbhéasacha an lucht féachana?  Fadhbh as deich. (5/10)

2 comments:

  1. Anonymous10/4/14 11:49

    Is aisteach liom an fhreagairt seo ón lucht féachána, ach is dóigh liom gur coimeide a bhí uathu.
    B'fhéidir nár athrigh Sadhbh ach d'athrigh muintir na hÉireann.


    Fearn

    ReplyDelete
  2. B'fhéidir é. Os rud é nach bhfaca mise riamh é, cheapas b'fhéidir gur mhí-léigh mé go hiomlán é, ach bhíos ag caint le máthair mo bhean cúpla láó shin, a chonaic Sadhbh á léiriú i halla paróiste sna h80aí agus is tragóid a bhí ann ansin a deir sí. Níl amhras orm ach go ndearna an stiúirtheoir iomarca den ghreann áfach, rud b'fhéidir a spreag freagairt an lucht féachana?

    ReplyDelete