1.8.15

Ceist Ghramadaí.


Chonaic mé rosc catha an Lorcánaigh áit éigin ar líne le déanaí agus thug mé difir bheag fá ndeara ón leagan a bhí i mo cheannsa le blianta fada anuas.  Seo atá inscríofa ar bhun na deilbhe ar Shráid Uí Chonaill in Átha Cliath.


An leagan Gaeilge atá suim agam ann, ach mar a tharlaíonn, ní dóigh liom gur aistriúchán maith é ón bhFraincis an leagan Béarla. Más buan mo chuimhne séard is brí leis an nath 'ne ... que' ná 'ach amháin' agus níl aon 'only' le feiscint anseo sa Bhéarla.  N'fheadar an é botún an Lorcánaigh atá anseo nó botún an dealbhadóra?  Pé scéal é, feictear domsa go bhfuil an leagan Gaeilge níos oiriúnaí mar aistriúchán ar an mbunleagan Fraincíse.

An cheist gramadaí a eascraíonn ón méid seo ná an difir idir an Ghaeilge thuas agus an rosc réabhlóideach a bhí i mo cheann .i. 'Ní uasal aon uasal ach sinn a bheith íseal'.  Ó thaobh an roisc féin, tuigim cén fáth go mbeadh 'sinne' níos fearr ná 'sinn' ach nílim cinnte cén difir idir 'bheith' agus 'a bheith'.  Chuas á chuardach agus tháinig ar an bhfoinse iontach aistear.ie. Seo a bhfuil le rá aige faoin scéal.


Soiléir go leor nach bhfuil?  Ós rud é gur gníomhaí é 'sinn' nó 'sinne' ba chóir go mbeadh 'sinn a bheith íseal' nó 'sinne a bheith íseal' ceart agus an leagan san íomhá thuas mícheart.  Ach fan nóiméad.  Cad faoin sampla 'Is maith liom bheith ag siúl' - nach bhfuil gníomhaí i bhfolach ansin?  Nach bhfeidhmníonn an forainm i bhfolach i 'liom' mar ghníomhaí?

Ní mór breis tochailt a dhéanamh agus isteach liom sa cháipéis a nasctar thuas, foilsithe ag Roinn Rialtais an Tuaiscirt mar threoir d'aistritheoirí. An chomhairle chéanna a thugtar:


Ach leis an éiginnteacht chéanna dár liom. Go h-áirithe an dhá sampla deireanach.  Tugaim fá ndeara na difríochtaí sa chaoi is go bhfuil 'a' sa bhreis sa dara abairt, ach ní thuigim aon difríocht ó thaobh brí de.  Déarfainn sa chéad cás gur 'a bheith' atá ceart, mar go bhuil 'an bhean' ann mar ghníomhaí.  Sa dara chás, déarfainn gur 'bheith' atá ceart, mar nach féidir breathnú ar 'an buntáiste' mar ghníomhaí, cé go bhfuilim beagáinín amhrasach faoin 'é'.

Má tá éinne fós liom ... an féidir libh an riail seo a mhíniú dom?  Cén leagan de rosc catha an Lorcánaigh is cirte dár libh agus cén fáth?

3 comments:

  1. an t-aon difir a fheicim leis an dá shampla deireanacha sin ná béim. Sa chéad chead abairt (bheith) tá beim ar an ghníomh. le 'a bheith...' tá béim ar an duine atá ceangailte leis an ghníomh. Dar liom. ach bíonn gach rud spleách ar chomhthéacs. Is cuimhin liom iad a rá linn ar an ollscoil an 'a' a fhagail ar lár sa chuid is mó den am mar gur iarsma ón seandóigh a scríobhtaí agus nár cleachtaíodh é a thuilleadh. Agus má dhéanann tú cuardach Google gheibhaidh tú an dá leagan taobh lena chéile san iontráil chéanna.

    ReplyDelete
  2. Go raibh míle. Difir béime seachas difir brí mar sin. I gcás an Lorcánaigh mar sin, d'fhéadfá a rá gurb ionann an dhá leagan ...

    'sinn a bheith'
    'sinne bheith'

    B'fhéidir go mbeadh 'sinne a bheith íseal' níos treise arís mar sin, cé nach bhfuaimníonn sé ródheas ar mo chluas.

    ReplyDelete
  3. "Ba mhaith leis an bhean bheith i láthair" = "The woman would like to be present."
    "Ba mhaith leis an bhean a bheith i láthair" = "He would like the woman to be present."

    "Is mór an buntáiste é bheith ábalta seinm." = "It's a big advantage to be able to play music."
    "Is mór an buntáiste é a bheith ábalta seinm." = "It's a big advantage that he is able to play music."

    ReplyDelete