3.2.20

Pobailbhreith is Déanaí

Már a shíleas aréir, níl seans ar bith go mbeidh am anois agam chuile dáilcheantair sa tír a thuar is a mheas mar a rinne mé sna holltoghcháin i 2016 & 2011.  Agus mé ag leanúint haischlib #Togh2020 tháinig mé ar shaothar Paul Dempsey.  'Séard a rinne sé ná chuir sé na céadtadáin ó na pobailbhreitheanna ar fad i bhfeidhm dáilcheantair ar dháilcheantair chun tuar a dhéanamh ar cé a bheireas bua.

Níl torthaí anocht ón MRBI sa áireamh, ach gan seans go mbeidh sar i bhfad aige.


Seo thíos mar a thuar an Díomasach cúrsaí.


Más mar sin a thiteann cúrsaí amach, bheadh sé deacair aon rialtas ach FF/FG a fheiceáil, ach má fhaigheann Sinn Féin 25% go náisiúnta toghfar gach mac máthar acu .i. 42 agus ar na huimhreacha sin is baol do Fhine Gael nach mbeidh siad ach sa triú áit.  Cad a dhéanfaidh siad ansin?  Le Fianna Fáil ag titim freisin tá baol go gcaillfeadh siad na suíocháin dheireanacha fud fad na tíre do iomaitheoirí ó pháirtithe beaga (AAA-PBP, Na Glasaigh, SD srl) le farasbarr Shinn Féin.

Is cóngaraí a dhreapann SF i dtreo 40, is mó an seans go mbeidh ról lárnach i rialtas na tíre acu.  Is cóngaraí a thiteann FF i dtreo 40, is lú seans gurb amhlaidh dóibhsean.  An dúshlán atá roimh FG anois ná coimeád os cionn 35.  Má thiteann siad faoin uimhir sin, tá ré Leo thart.  Gach seans go bhfuil ré Leo thart pé scéal é, mar ar na huimhreacha seo, is baol nach sroichfidh FF+FG an uimhir draíochta 80, fiú le chéile.

Tá daoine ag maíomh gur bhotún é do Shinn Féin gan dóthain a chur os comhair an phobail.  Ach ní dóigh liom go bhféadfadh éinne a thuar go mbeadh 25% den vóta acu.  Fiú le sin, is beag dailcheantair suíochán sa tír gur féidir bheith cinnte de dhá shuíochán ar 25%.  Agus mar a tharla i dTír Chonaill i 2016, má scarann tú do vóta is féidir suíocháin chinnte a ligint le sruth.

Cad a tharlaíonn má fhaigheann FF 45, SF 40, FG 35?  FF+FG dar liom, ach cinnteodh sé seo níos mó ná 50 suíochán do Shinn Féin an chéad babhta eile.  Luath nó mall, beidh Mary Lou McDonald ina Taoiseach.  Sin an sprioc agus más fearr fanacht cúpla bliain eile chun é a bhaint amach, sin a dhéanfaidh siad.

2 comments:

  1. Anonymous5/2/20 05:18

    LENDING TREE GROUP INC


    Ar cuireadh isteach ort cá háit le hiasachtaí a fháil, a dhiúltaigh na bainc, agus atá frustrated anois ar an áit le hiasacht a fháil. Tabharfaidh LENDINGTREE an iasacht a bhfuiltear ag súil léi a theastaíonn uait. déan teagmháil linn ag loantreegroupinc@gmail.com.

    Iasacht chun do fhiach a íoc go héasca?
    Iasacht chun an cineál gnó a theastaíonn uait a dhéanamh?
    Iasacht chun críocha oideachais?
    Iasacht chun árasán a cheannach?
    Iasacht chun an carr aisling seo a cheannach?

    Ní fheictear tuilleadh, cuireann LENDING TREE INC iasachtaí
    Níl aon íocaíochtaí i bhfolach ó 1,000 go 20,000,000 EUR / USD / POUNDS
    Ag ráta úis an-íseal de 3%
    Tá líonra iasachtaithe agus soláthair cruthaithe againn
    cúnamh airgeadais do chliaint ar fud an domhain.

    Déanaimid ár ndícheall ár gcaighdeán feabhais a chothabháil
    Ár seirbhísí a thairiscint ag am ar bith den lá.
    Tugaimid iasacht dóibh siúd a dteastaíonn cúnamh airgeadais uathu i dtéarmaí 1 go
    20 bliain

    Cuimsíonn ár seirbhísí freisin

    . fíormhaoiniú
    . infheisteoir eastáit réadaigh,
    . iasachtaí tógála,
    . iasachtaí nuathionscanta gnó,
    . iasachtaí tí
    . Iasachtaí tomhaltóirí,
    . Iasachtaí idirna,
    . iasachtaí pearsanta,
    . iasachtaí gluaisteán agus
    etc. Má theastaíonn iasacht nó cúnamh airgeadais uait déan teagmháil linn

    ríomhphost: lendingtreegroupinc@gmail.com

    ríomhphost: lending-tree@outlook.com

    whatsapp: +1 213 419 2419

    ReplyDelete
  2. Deacair é sin a shárú mar fhreagra pé scéal é.

    ReplyDelete