25.5.10

Fíor nó bréagach?

Rinneas tagairt thíos don hoiméapaite agus tá ceist ann dár liom faoina éifeacht, ach níos tábhachtaí fós, faoin fáth a bhaineann le haon éifeacht atá le sonrú. Ní féidir a shéanadh go bhfuil muinín ag roinnt daoine ann mar leigheas ar chuile saghas tinneas ach ní hé sin le rá go n-oibríonn sé mar a mhaítear.

Ar an chéad dul síos, tá an teoiric atá mar bhunús don hoiméapaite seafóideach ann féin. 'Sé sin gur féidir le rian bídeach de rud a chuirfeadh tinneas áirithe ar duine atá in iomlán a sláinte a mhalairt a dhéanamh ar duine atá an tinneas acu. Tá sé deacair a thuiscint cad a bhí ar intinn Hahnemann nuair a nochtaigh sé an smaoineamh seo ach b'fhéidir go raibh fealsúnacht déachúil imithe i bhfeidhm air?

Pé rud a bhí ar intinn aige, is fiú scrúdú níos doimhne a dhéanamh ar cad go díreach atá i gceist le rian bídeach. De réir teoiric hoiméapaiteach, a laghad an rian, is treise a chumhacht chun leigheas. 'Séard a dhéanann siad mar sin ná an leigheas a laghdú nó a chaolú in uisce arís agus arís eile go dtí nach bhfuil oiread is móilín amháin den substaint fágtha. Dár leo, tá athshondas fuinnimh an substaint san uisce fiú mura bhfuil an substaint féin ann a thuileadh, agus is leor seo chun biseach a chur ar an othar. Sin an dara buile seafóideach.

Tá hoiméapaite á fhorbairt ó thús an naoú céad déag i leith agus caithfear an bhunús a athdhreachtú ó am go chéile chun fíor-thuiscint an domhain mar a fheictear do eolaithe a thabhairt san áireamh. Le déanaí is an teoiric candam a nasctar leis an bún-chreideamh chun cuma fiúntach a thabhairt don saothar. Ar deireadh, má bhreathnaítear ar an hoiméapaite mar reiligiún agus na smaointe seafóideacha thuasluaite mar soiscéil Hahnemann, feictear dualgas a chléir ag síoroibriú chun dílseacht a chreidmhigh a chaomhnú agus bun-smaointe Hahnemann a choimeád slán. Dár ndóigh, tá an meon seo ag teacht trasna go hiomlán ar an modh eolaíoch - níl rud sa chruinne a athródh dearcadh na ndílseoirí i leith Hahnemann agus a chóras. Sin an triú buile seafóideach.

Seo mar a thárla eachtra dúinn féin bliain nó dhó ó shin a chur ag smaoineamh mé faoin hoiméapaite. Gach Samhradh fulaingíonn mo mhacsa le fiabhras léana. B'fhéidir nach céasadh Aonghus é, ach b'fhéidir gurb ea, mar níl sé mar nós aige gearán a dhéanamh, ach fós féin feictear na súile ag silleadh agus caithfimid rud éigin a dhéanamh dó. Tá colceathar aige i bPort Láirge a bhfuil an fadhb céanna aige agus thug a thuistí cuairt ar lia hoiméapatach le toradh dochreidte - biseach láithreach. Bhuel, in aineoinn mo sceipteachas féin, ní amadán iomlán mé agus má tá ag éirí le cúrsa áirithe, cén dochar triail a bhaint as?

Thug mo bhean cuairt ar lia sa bhaile seo'gainne agus tháinig abhaile le buidéal bheag de tháibléid Euphrasia agus treoracha conas iad a thabhairt don fear óg. Bhí orainn iad a bhriseadh i leath agus leath amháin a thuaslagadh in uisce. Dúradh lei a bheith fíor cúramach faoin méid uisce a úsáidtear. 10ml amháin a mholadh agus gan níos mó a úsáid ar eagla go mbeadh níos mó uisce ró-chumhachtach, de bharr teoiric amaideach Hahnemann. Leanamar na treoracha ar feadh cúpla lá, ach ní raibh éifeacht ar bith.

"Cad atá cearr?" a cheapamar. "Tá'n Euphrasia céanna ag déanamh an beart don Déiseach."

Isteach ar Google liom áit a fheicim go bhfuil bunús le húsáid Euphrasia mar leigheas don fhiabhras léana. Cén fadhb a bhí ann mar sin? An treoir seafóideach hóimeapatach gan ach leath thaibléad a úsáid. Dar lei, a laghad is fearr. Chun éifeacht níos chumhachtach a fháil ba chóir dúinn ceathrú táibléad a úsáid, de réir teagasc Hahnemann. Ní sin a rinneamar áfach. Thugamar táibléad iomlán dó agus rinne sin an beart.

Ag smaoineamh anois air, tá dhá mhiniú gur féidir baint as a thárla.

1) Is táibléid hóimeapatach a bhí againn, sé sin le rá, ní raibh iontu ach siúcra agus ba chuma dá dtabhairfaimid 100 cinn dó, ach amháin b'fhéidir an droch tionchar ar a fhiacla. Ní féidir liom teacht ar an mbuidéal anois agus nílim cinnte an iad seo a bhí againn, ach ceapaim gurb iad. Ní féidir a thuiscint cén fáth ar oibrigh an táibléad iomlán más iad.

2) Fuair sé faoiseamh de bharr an leacht Zirtek a thugann muid fós dó gach maidin i rith an tsamhraidh. Dála an scéil, mura bhfaigheann sé an Zirtek céanna ar feadh cúpla lá, filleann an fiabhras air go tromchúiseach - níl amhras ar bith ann gur fiú an Zirtek.



2 comments:

  1. Ach d'oibrigh sé don col ceathrar?

    Dála an scéil, tá baint ana mhór ag airíonna seachas airíonna an ghalair le leigheas de réir Hahnemann. Mar sin, ní chuireann sé ionadh orm gur oibrigh rud don col ceathrar nár oibrigh do'd mhac.

    Táim féin amhrasach; ach sé an rud ná go bhfeidhmíonn sé ar dhóigh éigin do dhaoine áirithe - ina measc do dhaoine an-óg.

    Sílim áfach - ós rud é nach bhfuil an rud caighdeánaithe anseo mar atá, mar shampla sa Ghearmáin, nach bhfuil an scil chéanna ag gach lia abhus.

    (Bainim féin feidhm go hannamh as Zirtek, nuair atá na hairíonna an-olc. Ní maith liom ceimiceáin neamh riachtanacha i'm chorp)

    ReplyDelete
  2. 'Sea, sin a cheaptar ar aon nós. Ach i ndáiríre, tá gach seans go raibh miniú eile ar an éifeacht a bhí ag an lia ar an gcol ceathrar. Dár liom, caithfidh go raibh, mar níl aon bunús eolaíoch le hóimeapaite. An réasúnú ciorclach atá ar siúl anseo agam? B'fhéidir gurb ea. Ach de réir prionsabal, Rásúr Occam, ní ormsa an dualgas cruthú a léiriú, ach ar lucht leanta an hóimeapaite.

    ReplyDelete