Bhí ceiliúradh bhreithlá mo mhaicín cúpla lá ó shin agus chuamar chuig an bpictiúrlann. Chonacamar Furry Vengeance agus ní áibhéil í a rá gurb é an scannán is measa atá feicthe agam riamh. Bhí gnéithe ann nach mbeithfeá ag súil leo i scannán dírithe ar leanaí - ciníochas i gcoinne Sínigh and Indiaigh agus blúirín beag aoisíochas ann chomh maith chun an masla a dháileadh níos faide. Tá an cuma air go raibh meisce ar an eagarthóir mar thárla eachtraí nár bhain aon ciall leo i gcomhthéacs an scéil, ach i ndáíríre ní fhéadfaí scéal a ghlaoch ar an bpraiseach mar a léiríodh é.
Bhí cuid beag aisteach ag an deireadh nuair a rinne na aisteoirí scigeadh as físeáin popcheoil ag úsáid Insane in the Brain, le Cypress Hill.
Is trua nár úsáideadar A to the K.
Coir i gcoinne na daonnachta atá sa scannán seo a chairde.
Chomh dona sin dáiríre? D'aimsigh mé ar an trailer anois díreach agus bhain sé gáire asam. Ach uaireanta bíonn na giotaí is fearr sa trailer. Shíl mé go raibh na racúin an-phioctha cíortha glanta! Agus an-óg. Ach is cosúil nach mbíonn siad chomh somhúinte sin mar aisteoirí agus iad fásta.
ReplyDeleteSin í an fhadhb leis na trailers dár ndóigh, Ní na h-ainmhithe an cuid is measa den ráiméis ach oiread. Glac le mo chomhairle. Ní fheicfear scannán níos measa ná'n leibideacht leamh leisciúil seo go Lá an Bhreithiúnais.
ReplyDelete